Agus fillfiḋ an TIĠEARNA a ḟuil ar a ċeann féin, nóċ do ṫiomáin ar ḋís do ḋáoiniḃ buḋ fíréanta agus do bfearr ná é féin, agus do ṁarḃ sé íad leis an ccloiḋeaṁ, gan a ḟios ag maṫair Dáiḃi, Abner ṁac Ner, caiptín slóiġ Israel, agus Amasa ṁac Ieter, caiptín slóiġ Iúdah.
Go ttug sé amaċ air úsúireaċt, agus gur ġlac sé biseaċ: maseaḋ an mairfiḋ sé? ní ṁairfiḋ: do rinne sé na gráineaċaso uile; éugfuiḋ sé go deiṁin; biáiḋ a ḟuil air féin.
Ionnadsa do ṫarcuisniġeadar aṫair agus maṫair: aun do lár do rinneadar go cealgaċ ris an ccoiṁṫiġeaċ: ionnadsa do rinneadar foiréigion air an ndílleaċta agus air an mbaintreaḃuiġ.
¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad taṫuiġṫeaċ, nó ḃías na fáistineaċ, cuirfiġear go deṁin ċum báis íad: géaḃuid do ċloċuiḃ orra: bíaiḋ a ḃfuil orra féin.
Agus iseaḋ ḃías de, giḋ bé raċus amaċ as doirsiḃ do ṫiġe fan tsráid, biáiḋ a ḟuil ar a ċionn féin, agus béimne neiṁċiontaċ: agus giḋ bé ḃías ad ḟoċairse ann sa tiġ, bíaiḋ a ḟuil air ar gceanne, má ḃeanann láṁ ḋuine ris.
Ionnus go ttiocfaḋ an díḃḟeirg do rinneaḋ ar an deiċneaṁar agus trí fiṫċid mac Ierubbaal, agus go luiġfeaḋ a ḃfuil air Abimeleċ a ndearḃraṫair, noċ do ṁarḃ íad; agus ar ṁuinntir Sċeċem, noċ do ċuidiġ leis a marḃaḋ a ḋearḃraṫar.