Laḃairse fós ré ċloinn Israel, ga ráḋ, Go deiṁin coiṁéadfuiḋe mo ṡábbóid: oír is coṁarṫa eadrum féin agus siḃse i ar feaḋ ḃur ngeinealaċ; go mbía a ḟios aguiḃ gur mé an TIĠEARNA náoṁas siḃ.
¶ Coiṁéadfuiḋe mo statúídiġ. Ní léígfíḋe dá ḃur náirnéis gineaṁuin ré cineul éagsaṁuil: ní ċuirfe tú ṫfearann lé síol cumaisce: agus ní mó ċuirfeas tú éadaċ cumaisce, do líon agus doluinn iomad.
Ar a naḋḃarsin gioḋ bé neaċ ḃrisfeas áonaiṫne do na haiṫeantaiḃ roḃeagaso, agus ṫeagaisgfeas na dáoine mar sin, goirfiḋṫear ḋe an duine is lúġa a rioġaċd neiṁe: aċd gioḋ bé neaċ ḋéanas agus ṫeagaisfeas iád, goirfiḋ ṫear duine mór ḋe a rioġaċd neiṁe.
Agus go ndéarna Día na sioṫċána féin náomṫa siḃ go hiomlan; agus go gcoiṁéudṫar ḃur spiorad agus ḃur nanam agus ḃur gcorp go huiliġe ó ċiontuiḃ go teaċd ar Dtíġearna Iósa Críósd.
Giḋeaḋ atá dfiaċuiḃ oruinne buiḋeaċas do ḃreiṫ do ṡíor ré Dí ar ḃur sonsa, atá gráḋuiġṫe ón Dtíġearna, ar a naḋḃar gur ṫoġ Día siḃ ó ṫosuiġ ċum slánaiġṫe tré náomṫaċd na Spioruiḋe agus tré ċreideaṁ na fírinne: