Agus a duḃairt se ris, Is marso a deir an TIĠEARNA, Do ċionn gur léig tú uáit as do láiṁ duine do órduiġ misi do léirsgrios, uimesin raċaiḋ hanamsa ar son a anmasan, agus do ḋaóine ar son a ḋaoine.
Agus suiḋéoċuiḋ misi maġaiḋ a naġaiḋ an duine sin, agus gearrfad a maċ é as lár a ḋaóine: do ċionn go ttug cuid dá ṡíol do Ṁóleċ, do ṫruailleaḋ mo ṡánctóra, agus do ṫarcuisníuġaḋ manma náoṁṫa.
Ann sin suiḋeaċa misi maġaiḋ anaġaiḋ an duine sin, agus a naġaiḋ a ṁuinntire, agus gearrfa mé a maċ é, as lár a ndaóine, agus an ṁéid leanfus a stríapaċus é, do ḋéanáṁ stríapaċuis le Móleċ.
Uimesin níor ḟéadadar clann Israel seasaṁ as coinne a náṁad, aċd do iompoiġeadar a ccul roiṁe a naiṁde, do ċionn go raḃadar malluiġ: agus ni ḃía misi maille liḃ feasda, muna scriostáoi an malluiġṫe ó ḃeiṫ ḃur measc.
Giḋeaḋ atá beagan agum a taḋuiġ, go ḃfuil agud sa náit sin dream leanas do ṫeagusg Ḃálaam, an tí do ṫeaguisg Bálac fá aḋḃar oilḃéime do ċur roiṁe ċloinn Israél, ionnus go níosdáois na neiṫe do ḃí ar na nioḋbairt dioḋaluiḃ, agus go ndéunaidís sdríopaċas.