Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 20:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Déara tú a rís, re cloinn Israel, Gioḋ bé ar biṫ do ċloinn Israel, no do ċoiṁiḋeaċuiḃ ċoṁnuiġeas a Nísrael, ḃéurus éanni dá ṡíol do Ṁóleċ; go deiṁín báiseoċṫair é: ċloċfuíd muinntir na tíre lé cloċuiḃ é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 20:2
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do ċuir Solaṁ ionad árd súas do Ċémos, gráineaṁlaċd Ṁoab, annsa ċnoc atá as coinne Ierusalem, agus do Ṁóleċ, gráineaṁlaċd ċloinne Ammon.


Agus ṫugadar air a macaiḃ agus air a ninġeanuiḃ dul ṫríd an tteine, agus do nidís fáistine agus droiḋeaċd, agus do reacadar íad féin do ḋéanaṁ uilc a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA, dá ḃrostuġaḋ ċum feirge.


Agus do ṫruáilliġ sé Toṗet, noċ atá a ngleann ċloinne Hinnom, iondus naċ buḋ ḟéidir lé héanduine a ṫaḃairt air a ṁac nó ar á inġin ḋul ṫríd an tteine go Moleċ.


Tuilleaṁ oile do rinne sé íoḋbairt a ngleann ṁic Hinnom, agus do loisg sé a ċlann annsa teine, do réir ġráineaṁlaċd na ngeinteaḋ noċ do ṫeilg an TIĠEARNA amaċ roiṁe ċloinn Israel.


Agus ṫug air a ċloinn dul ṫríd an tteine a ngleann ṁic Hinnom: mar an ccéadna do ġéill sé daimsearuiḃ, agus dfoġiuim droiġeaċt, agus do ġnáṫuiġeaḋ piseóga, agus do ḃíoḋ leannán síṫe aige, agus luċd fáistine: do rinne sé iomarcuiḋ uilc a raḋarc an TIĠEARNA, dá ċorruġaḋ ċum feirge.


Agus do ḋóirteadar fuil neiṁċiontaċ, fuil a mac agus a ninġean, noċ do íoḋbradar do ḋíaḃluiḃ Ċánáan: agus do ḃí an talaṁ ar na ṫruailliuġaḋ le fuil.


Agus do rinneadar áite árda Ḃaal, noċ atá a ngleann ṁic Hinnom, do ṫaḃairt air a macaiḃ, agus air a ninġeanuiḃ dul ṫríd an tteine do Ṁoloċ; noċ nar aiṫin misi ḋíoḃ, ní mó ṫáinic sé ann minntinn, go ndéanaidis an ġráineaṁlaċtso, taḃairt ar Iúdah peacuġaḋ.


Agus do ṫógḃadar áite árda Tóṗet, noċ atá a ngleann ṁic Hinnom, do losgaḋ a mac agus a ninġean annsa teíne; ni naċ ar aiṫin misi, agus naċ ttáinic ann mo ċroiḋe.


Agus do ṫruáilliġ mé íad iona mbronntaiḃ féin, a náit a ttugadar fa deara ar gaċ a ḃfosclann an ḃrú dul ṫríd an tteine, iondus go ndéanuinn áonránaċ íad, ċor go naiṫeonaidís gur misi an TIĠEARNA.


Oír a nuáir ṫairgṫi ḃur mbronta, an tan do ḃearṫaoi air ḃur ccloinn dul ṫríd án tteine, truáilliḋe siḃ féin ré ḃur nuile ioḋaluiḃ, gus an lá a niuġ: agus an ḃfíafroċṫar misi liḃsi, a ṫiġ Israel? Mar ṁairim, a deir an Tiġearna DIA, Ní ċeistneoċṫar misi maille riḃ.


Go ndéarnadar aḋaltrannas, agus go ḃfuil fuil iona láṁuiḃ, agus go ndéarnadar aḋaltrannas le na nioḋaluiḃ, agus go ttugadar fós air a macaiḃ, noċ rugadar ḋaṁsa, imṫeaċt ṫríd an tteine, da losgaḋ.


Oír an tan do ṁarḃadar a cclann dá nioḋaluiḃ, annsin ṫangadar san ló ċéadna dom ṡanctóirse dá truáilleaḋ; agus, féuċ, is marso do rinneadar a meaḋón mo ṫiġe.


Agus giḋ bé ar biṫ duine ḃías do ċloinn Israel, nó do na coiṁiġṫeaċuiḃ ċoṁnuiġeas ḃur measc, do ní fíaḋaċ agus ḃeireas ar ḃeaṫaċ nó ai éun is éidir iṫe; dóirtfiḋ amaċ a ḟuil sin, agus foileoċuiḋ lé luáiṫreaḋ í.


¶ Agus gaċ uile anam íosas a nfeóil fuáir bás uáiṫe fein, nó do ṁarḃaḋ lé beaṫaċaiḃ, más duine dot ṫír féin é, nó coíṁiḋṫeaċ, niġfiḋ aráon éadaċ, agus foṫruicfíḋ é fein a nuiscṫe, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: annsin biáiḋ sé glan.


¶ Agus déara tusa riú, Giḋ bé ar biṫ duine do ṫiġ Israel, nó do na coiṁiġiḃ ḃíos ar cuáirt eadruiḃ, ofráilfeas ofráil loiscṫe nó íoḋbuirt.


Agus ní léigfe tú déanduine dot ṡlioċd dul ṫríd an teiniḋ go Móleċ, ní mó ḋísbeagfas tú ainm don Ḋé: misi an TIĠEARNA.


Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maoise, ḋá raḋ,


¶ Mar an gcéadna fear no beán aga mbía spiorad taṫuiġṫeaċ, nó ḃías na fáistineaċ, cuirfiġear go deṁin ċum báis íad: géaḃuid do ċloċuiḃ orra: bíaiḋ a ḃfuil orra féin.


Taḃair amaċ an té do rinne an malluġaḋ táohh amaċ do nfosluingṗurt; agus leagdáois an ṁéid do ċualaíḋ é a láṁa ar a ċíonn, agus cloċaḋ an coṁċruinniuġaḋ uile é.


Agus an té scannluiġeas ainm an TIĠEARNA, cuirfiġear go deiṁin ċum bais é, agus cloċfuid an coṁċruinniuġaḋ go dearḃṫa é: coṁmaiṫ an coiṁiḋeaċ, agus an té beurṫar annsa tír, a nuáir ṁaisleoċus sé ainm an TIĠEARNA, cuirfíġear ċum báis é.


¶ Agus do laḃair Maóise re cloinn Israel, an té do rinne an malluġaḋ, do ṫaḃairt leó amaċ as an gcampa, agus gaḃáil do ċloċuiḃ air. Agus do rinneadar clann Israel mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Aċd, do ġlacaḃair tábernacel Ṁóloċ, agus réult ḃur Ndía féin Remṗan, fíoġraċa noċ do rinneaḃair ċum a naḋra: ar a naḋḃarsin áṫróċa mé siḃ don táoḃ a nunn don Ḃábilóin.


Ní ḋéana tusa sin red ṪIĠEARNA do Ḋía: óir gaċ éainni is aṫḟúaṁar lé Día noċ a ḟuaṫian sé do nídís sin re na ndeéiḃ féin; eaḋon a mic agus a ninġiona do loisgedis ansa teiniḋ dá ndeéiḃ.


¶ Má ġeiḃṫior ḃur measg, táoḃ a stiġ dot ḋoirsiḃ noċ ṫug do ṪIĠEARNA Día ḋuit, fear nó bean, do rinne coir ġráineaṁuil a raḋarc do ṪIĠEARNA Dé, a mbriseaḋ a ċunnarṫa,


Ní ḃfuiġṫior ḃur measc éanduine ḃéurus air a ṁac no air inġin dul ṫríd an tteiniḋ, nó ġnáṫuiġios fáistine, nó coiṁeaduiġe aimsior, nó geasadóir, nó luċd piséog,


Agus cloċfuid lúċd a ċaiṫreaċ uile é lé cloċuiḃ, nó go raiḃ marḃ: mar sin ċuirfeas tú an tolc ar gcúl uáit; agus cluinfiḋ Israel uile sin, agus biáiḋ eagla orra.


Ann sin do ḃéuruid síad an cailín amaċ go dorus tiġe a haṫar, agus cloċfuid muintir a caiṫreaċ lé cloċuiḃ í nó go néuga sí: do ċionn go ndéarna sí leiṁe an Israel, stríapaċus do ḋéanaṁ a ttiġ a haṫar: mar sin ċuirfiḋe an tolc ar ccúl uaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ