Agus do ḟill sé uirre ar a tsliġe, agus a duḃairt, Guiḋim ṫú luáiṫiġ ort, leig ḋaṁ a ḃeiṫ agad; (óir ní raiḃ a ḟios aige gur ḃí bean a ṁic í.) Agus a duḃairt sisi, Créud do ḃéura tú ḋaṁ do ċionn a ḃeiṫ agam?
Agus a duḃairt seision, Créud an ġeall do ḃéura mé ḋuit? agus a duḃairt sisi, Do ṡéula, do ḃráisléid, agus do ḃata, noċ atá ad láiṁ: agus tug sé íad sin di, agus do ḃí aice, agus do toirrċeaḋ leis í.