Agus giḋ bé naċ déana do réir ḋliġe do Ḋése, agus dliġe an riġ, déantar breiṫeaṁnus ar báll air, mas bás é, nó díbirt, nó caill a ṁaóine, nó príosúntaċd.
Agus do ṫógḃadar áite árda Tóṗet, noċ atá a ngleann ṁic Hinnom, do losgaḋ a mac agus a ninġean annsa teíne; ni naċ ar aiṫin misi, agus naċ ttáinic ann mo ċroiḋe.
Déara tú a rís, re cloinn Israel, Gioḋ bé ar biṫ do ċloinn Israel, no do ċoiṁiḋeaċuiḃ ċoṁnuiġeas a Nísrael, ḃéurus éanni dá ṡíol do Ṁóleċ; go deiṁín báiseoċṫair é: ċloċfuíd muinntir na tíre lé cloċuiḃ é.
An mbiáiḋ an TIĠEARNA toileaṁuil air ṁíltiḃ do reiṫiġiḃ, nó lé deiċ míle do ṡroṫaiḃ ola? an ttiuḃra mé mo ċéidġin arson mo ċiontaḋ, toraḋ mo ċuirp ar son ṗeacaiḋ manma?
Ma ḃionn eagla an TIĠEARNA oruiḃ, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋó, agus uṁluġaḋ ḋá ġlór, agus gan caṫuġaḋ a naġaiḋ aiṫeanta an TIĠEARNA, ann sin fanfuiḋ siḃ féin agus an ríġ ḃías ós ḃur ccionn go bunáiteaċ ag leanṁuin ḃur TTIĠEARNA Día.