A noiġeann dó ḋéantar é maille ré hola; agus a nuáir ḃías bruiṫe, do ḃéura tú a stéaċ é: agus na píosuiḋe bruiṫe do nofráil ḃíḋ ofráilfiḋ tú mar ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.
Má ofrálann sé é mar ḃreiṫ ḃuiḋeaċuis, ann sin ofráilfiḋ sé maille re íoḋbuirt ḃeirṫe ḃuiḋeaċuis bairġeana gan laiḃín cumaiscṫe le hola, agus aḃlanna gan láiḃin ungṫa le hola, agus cacaiḋe cumaiscṫe le hola do ṗlúr ṁín, fríalta.
Do buḋ í a ofráil éanḃáisín airgid do ċoṁṫrom céud agus trioċad secel, bulla airgid do ṡeaċdṁoġad secel, do réir secel na sanctora; íad araon lán do ṗlúr ṁín ċumaiscṫe lé hola mar ofráil ḃíḋ: