Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 2:14 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 ¶ Agus má ofrálann tú ofráil bíḋ do na ceadṫórṫuiḋ don TIĠEARNA, ofráilfe tú mar ofráil bíḋ dod ċéadṫorṫuiḃ do ḋéusuiḃ glasa arḃa ár ná ttiormuġaḋ leis an tteniḋ, arḃar buailte as déusuiḃ iomlána.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 2:14
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus accionn aiṫe tárla ann, go ttug Cáin leis do ṫoraḋ na talṁan ofrail don TIĠEARNA.


¶ Agus ṫáinic duine ó Ḃaal‐salisa, agus ṫug ċum óglaiċ Dé arán do na céad tórṫaiḃ, fiṫċe builín eórna, agus déusa iomlán arḃa iona ccáiṫleaċ féin. Agus a duḃairt seision, Taḃair do na daoiniḃ, go niṫid.


Agus cuirfe tú ola air, agus leagfa tú túis áir: is ofrail biḋ é.


Agus loiscfiḋ an sagart a ċuiṁne sin, cuid dá ġrán ḃuailte, agus cuid dá ola, gun a ṫúis uile: is ofráil déanta lé teniḋ é don TIĠEARNA.


¶ Agus a nuáir ofráilfiḋ íoḋbuirt ḃuiḋeaċuis don TIĠEARNA, ofrailfiḋ da ḃur ttoil féin í.


Laḃair re cloinn Israel, agus abair ríu, A nuáir ṫiucfiḋe don dúṫaiġ a táimsi do ṫaḃairt ḋaóiḃ, agus ḃeanfuiḋe a nḟoġṁar, ann sin do ḃéurtáoi punnann do ċéadṫoraḋ ḃur ḃfóġṁáir ċum an tsagairt:


Agus buḋ hé a ofráil bíḋ sin ḋá ḋeiċ gcuid do ṗlúr ṁin ċumaiscṫe lé hola, mar ofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA mar ḃolaḋ cuṁra: agus a hofráil diġe sin is dfíon ḃias, eaḋon an ceaṫraṁaḋ cuid do hin.


Agus croiṫfiḋ an sagart íad maille ré árán an ċéadṫoruiḋ mar ofráil ċroíṫte a laṫair án TIĠEARNA, maille leis an dá úan: béid síad náoṁṫa don ṪIĠEARNA ċum an tsagairt.


Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Aiṫin do ċloinn Israel, agus abair riú, Coiṁéadfuid mofráil, agus marán ċum ioḋbarṫa déanta lé teiniḋ, mar ḋeaġḃolaḋ ḋaṁsa, dá ofráil ḋaṁ na am iomċuḃaiḋ féin.


Aċd a nois do eiséirġiḋ Ċríosd ó ṁarḃuiḃ, do rinneaḋ céudṫoraḋ ná druinge do ḃí na gcodlaḋ ḋe.


Go nglacfa tú don ċéadċuid do nuile ṫoraḋ na talṁun, noċ ḃainfeas tú dot ḟearann do ḃeir do ṪIĠEARNA Día ḋuit, agus cuirfe tú a mbascaéid é, agus raċa tú don náit ṫoiġfeas do ṪIĠEARNA Día do ċur a anma ann.


A síad so an dream nár salċaḋ ré mnáiḃ; óir as óġa íad. A síad so an dream leanas an Túan giḋ bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannaċ as meaḋón na ndaóineaḋ, na ccéudṫórṫa do Ḋía agus do Núan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ