Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 2:11 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Aon ofráil ḃiḋ, noċ do ḃeurṫaoi ċum an TIĠEARNA, ní ḋéantar lé laiḃín: oír ní loiscfiḋe laiḃín ar biṫ, nó mil, a néanofráil don TIĠEARNA déanta lé teiniḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 2:11
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ofráile tú fuil mo íoḋbarṫasa le harán laiḃín; ni mó ḟanfas méaṫas mo ioḋbarṫa go maidin.


Agus glacfa tú ó a láṁuiḃ iad, agus loisge tú íad, ar a naltóri mar ofráil loisge, mar ḋeaġḃalaḋ a laṫair an TIĠEARNA is ofráil deanta le teiniḋ i don TIĠEARNA.


Ní ofráilfe tú fuil mo íoḋbarṫa maille re laiḃín; ni mó léigfiġear féasta ioḋburṫa na cásca ċum na maidne.


A ṁic, iṫsi mil, do ḃríġ gur maiṫ í; agus an ċríaṫar ṁeala, noċ is milis dot ċarbad:


An ḃfuáir tú mil? iṫ an ṁéid is lór ḋuit di, deagla go mbeiṫeá líonta ḋe, agus go sceiṫfeá í.


Ní maiṫ mórán meala diṫe: marsin ní glóir do ḋaoine a nglóir fein do spíonaḋ.


Aċd nifiġ sé na hinniġe agus na cosa a nuisce: agus do ḃeára an sagart leis sin uile, agus loiscfiḋ sé ar a naltóir é: is ofráil loiscṫe é, ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Agus cuirfiḋ an sagart a ċulaiḋ lín uime, agus cuirfiḋ a ḃríste lín fá na ḟeóil, agus tóigeoḃuiḋ súas an lúaiṫ do loisc an teine maille ris a nofráil loiscṫe ar a naltoir, agus cuirfiġear láiṁ ris a naltóir íad.


Agus a duḃairt Iosa ríu, Taḃruiḋ dá ḃur naire agus coiṁheaduiġ siḃ ó laiḃín na Ḃṗairisíneaċ agus na Saduiċineaċ.


Agus do aiṫin sé ḋíoḃ, ag ráḋ, Féuċaiḋ, coiṁeadaiġ siḃ ó laiḃín na Ḃṗairisíneaċ, agus ó laiḃin Iorúaiṫ.


Fa a námsin, ar mbeiṫ do ṗubal gan airṁeaḋ ar na ccoṁċruinniufgaḋ, ionnus go raḃadar ag saltairt ar a ċéile, do ṫionnsgain sé a raḋ re na ḋeisciobluiḃ ar tús, Coṁéaduiġ siḃ féin ar laiḃin na Ḃṗairsineaċ, eaḋon an fuarċraḃaḋ.


Aċd taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, deagla go mbíaḋ siḃ tromċroiḋ ṫeaċ úair ar biṫ í ċráos, agus ó ṁeisge, agus ó roċúramuiḃ na beaṫasa, agus go dtioċfaḋ an lá úd go hobann oraiḃ.


Ag neartuġaḋ anmann na deisciobal, agá dteagusg fá aṁuin sa gcreideaṁ, agus gur tré iomad buaiḋearṫa as éigean dúinn dul a steaċ go ríoġaċd Dé.


Ionnus náċ ccaiṫfeaḋ sé feasda fuiġeall na haimsire atá aige sa gcoluinn réir aiṁían na ndaóineaḋ, aċd réir ṫola Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ