Ní ṫug tú ċugam áirnéis ḃeag hofrala loisge; ní mó donóruiġ tú mé led íoḋbarṫaiḃ. Ní ṫug mé ort foġnaṁ le hofráil, agus ní ṫug mé ort sáoṫruġaḋ lé túis.
Agus do ḃéuruid ḃur ndearḃraiṫre uile mar ofráil ċum an TIĠEARNA as gaċ uile ċríċ ar eaċuiḃ, agus a ccarbaduiḃ, agus a ccóistiġiḃ, agus ar ṁúilliġiḃ, agus ar ḃeaṫaċuiḃ lúaṫa, go nuige mo ṡlíaḃ náoṁṫa Ierusalem, a deir an TIĠEARNA, mar ḃeirid clann Israel ofráil a soiġṫeaċ ġlan go tiġ an TIĠEARNA.
Annsin a duḃairt seision riomsa, Sí so a náit a mbruiṫfid na sagairt ofráil an tsáruiġṫe agus a nofráil ṗeacaiḋ, iona mbacalfuid a nofráil bíḋ; iondus naċ béuruid síad amaċ íud san ċúirt táoiḃ amuiġ, do náoṁaḋ an ṗobail.
Agus annsa noċdṁaḋ lá glacfuiḋ sé ḋá úan ḟirionna gan ċaiḋe, agus úan buinionn don ċéadḃhaḋuin gan ċáiḋe, agus trí deaċṁaḋ cuid do ṗlúr ṁín mar ofráil ḃíḋ, cumaisċte le hola, agus éan log ola.
¶ Aċd muna ttí ḋe ḋá éun turtuire, nó ḋá ċolum óga ṫaḃairt, annsin do ḃéura an té do ṗeacaiḋ ar son a ofrála, an deaċṁaḋ cuid do eṗah do ṗlúr mín mar ofráil ṗeacuiḋ; ní ċuirfiḋ ola air, ní mó ċuirfeas se túis air: óir is ofráil ṗeacaiḋ i.
Bulóg agus reiṫe mar an gcéadna mar ofráil ṡioḋa, díoḋbuirt a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA; agus ofráil ḃíḋcumaiscṫe le hola: oir foillséoċaiḋ an TIĠEARNA é féin a niuġ ḋáoiḃ.
Oír ó éirġe gréine eaḋon go dul síos an céadna biáiḋ mainm mór a measc na Ngeinteaḋ; agus ofrálfuiġear túis dom ainm ann gaċ uile áit, agus ofráil ḟiórġlan: óir buḋ mór mainm a mease na ngeinteaḋ, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Buḋ leaċtsa so do na neíṫiḃ ronáoṁṫa, do congṁaḋ on teiniḋ: gaċ uile ofráil is leósan, gaċ uile ofraíl ḃíḋ is leósan, gaċ ofráil ṗeacaíḋ is leósan, agus gaċ ofráil aindliġiḋ is leósan, noċ do ḃéuruid ḋaṁsa, biáiḋ si ronáoṁṫa ḋuitsi agus dod ṁacaiḃ.
Agus sí dob ofráil dó éan ḃáisín a ṁáin airgid, iona raiḃ coṁṫrom ċéud agus trioċad secel, éan ḃulla airgid iona raiḃ seaċdṁoḋad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín cumuiscṫe le hola mar ofráil ḃíḋ:
Dó ofrail se ar son ofrála éan ḃáisin aṁáin airgid, a ċoṁṫrom sin do buḋ céud agus tríoċad secel, éan ḃulla airgid do seaċtṁoġad secel, do réir secel na sanctóra; íad araon lán do ṗlúr ṁín cumuiscṫe le hola mar ofráil ḃíḋ:
Aċd atá an tungaḋ do ġlacaḃair úaḋsan na ċoṁnuiġe ionnuiḃ, agus ní ḃfuil na riaċdanus oruiḃ neaċ ar biṫ ḃur múnaḋ: aċd mar ṁuineas an tungaḋ sin siḃ a dtáoḃ na nuile neiṫeann, agus as fírinneaċ é, agus ní ḃfuil bréug ann, agus do réir mar do ṁúin sé siḃ, do ḋéunuiḋ siḃ coṁnuiġ annsan.
Agus tainic aingeal eile agus do ṡeas sé a ḃfíaḋnuise na haltora, agá raiḃ sionnsa órrġa; agus tugaḋ móran do neiṫiḃ deaġḃaluiḋ ḋó, ċum a gcurṫa maille ré hurnuiġiḃ na nuile náoṁ ar a naltóir órrġa do ḃí a ḃfíaḋnuise na caṫáoire.