Aċt go ndéarna tú olc nios mo nó éanduine dá ttáinic roṁad: óir do imṫiġ tú agus do rinne tú ḋuit féin dée oile, agus íoṁaiġe leaġṫa, dom ḃrostuġaḋsa ċum feirge, agus do ṫeilg tú misi táoḃ ṡiar dot ḋruim:
Agus do ġlac sé as a láṁuiḃ íad, agus do ċum é lé hoirnís ġraḃála, tair éis láoiġ leaġṫa do ḋéanaṁ ḋe: agus a duḃradarsan, A síad so do ḋée si, ó a Israel, noċ ṫug amaċ as críċ na Hégipte ṫú.
Oír is mise an TIĠEARNA ḃur Ndía: ar an aḋḃarsin náoṁṫoċṫaoi siḃ siḃ féin, agus heiṫí naoṁṫa; óir atáimse naóṁṫá: ní mó ṫruaillfiḋe siḃ féin lé héantsórt neiṫeaḋ ngluáisteaċ noċ ġluáiseas ar an talaṁ.
Ni ḋéantaoi ḋáoiḃ féin íoḋuil ar biṫ nó ioṁáiġ ġráḃalta, ní mó ċuirfeas siḃ súas íoṁáiġ ṡeasṁaċ, ni mó ċuirfiḋe én ioṁáiġe ċloiċe súas ionḃur bfearann, do ċromaḋ sios di: oir misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
Go ma malluiġ an duine ḋéanas ioṁáiġ ġráḃálta nó leaġṫa, aṫḟúaṫṁaireaċd don TIĠEARNA, obair láṁ an ḟir ceirde, agus ċuireas a nionad uáiġneaċ í. Agus freagoruiḋ an pobal uile agus déaruid, Amén.
¶ Ióṁáiġe gráḃalta a ndée loiscfiḋ tú lé teniḋ: ní ṡainteoċuiḋ tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ġlacfa tú ċugad é, deagla go ngéaḃṫaoi a ngaiste leis ṫú: oír is aḋḟúaṫṁaireaċd don TIĠEARNA do Ḋía é.