Féuċ, ar a ṡon so tug an TIĠEARNA an tsábóid ḋáoiḃ, uime sin do ḃeir sé ḋáoiḃ air an seiseaḋ lá arán ḋa lá: fanaḋ gaċ áon aguiḃ na áit, ná héirgeaḋ einneaċ aguiḃ amaċ as a áite air an seaċdṁaḋ lá.
¶ Má ḟilleann tú do ċos ón tsaóire, do ḋéanaṁ do ṫoile ann mó ló saóiresi; agus go ngoirfe tú áoiḃneas don tsaóire, lá náoṁṫa onóraċ an TIĠEARNA; agus go nonórfa tú é, gan do ṡliġṫe féin do ḋéanaṁ, nó haoiḃneasa féin dfaġáil, nó gan do ḃríaṫra féin do laḃáirt;
Oír is mise an TIĠEARNA ḃur Ndía: ar an aḋḃarsin náoṁṫoċṫaoi siḃ siḃ féin, agus heiṫí naoṁṫa; óir atáimse naóṁṫá: ní mó ṫruaillfiḋe siḃ féin lé héantsórt neiṫeaḋ ngluáisteaċ noċ ġluáiseas ar an talaṁ.
¶ Ná bíoḋ suim aguiḃ annsa druing ga mbíḋ spioraid ṁuinntearḋa, agus ná hiarruiḋ luċd fáistine, da ḃur ndéanaṁ truáilliġ léo: misi an TIĠEARNA ḃur Ndia.
Aċd an coiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ḃur ḃfoċair biáiḋ aṁuil duine ḃéarṫar ḃur measc, agus gráiḋeoċa siḃ é mar siḃ féin; óir do ḃaḃair féin ḃur ccoiṁiġṫiḃ a gcríċ na Hégipte: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
¶ Sé lá do ḋeantar obair: aċd is é an seaċdṁaḋ la sábbóid an tsuaiṁneasa, coṁġairm náoṁṫa é; ní ḋéantaoi obair ar biṫ ann: ís í sabbóid an TIĠEARNA í ann ḃur náitiḃ.
¶ Onóruiġ mac a aṫair, agus onór uiġ serḃíseaċ a ṁaiġistir: maiseaḋ más aṫair misi, caiḋe monóir? agus mas maiġistir mé, caiḋe meagla? a deir TIĠEARNA na slóġ riḃsi, a ṡagarta, ḋímeasas mainm. Agus a dearṫaói, Cred ionar ḋísbeagamairne hainm?
¶ Taḃair onóir dod aṫair agus dod ṁaṫair, mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ḋía ḋíot; ċor go ḃfaideoċṫáoi do laéṫe, agus go raċaḋ go maiṫ ḋuit, annsa dúṫaiġ noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit.
Do ḃádar fós ar naiṫreaċa colluiḋe aguinn na luċd smaċduiġṫe, agus do ḃeirmís urruim ḋóiḃ: a né naċ ro ṁó ná sin do ḃéuram úṁlaċd Daṫair na spiorad, agus bíam béo?