Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 19:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Laḃair ré coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile, agus abair riú, Beiṫi náoṁṫa: óir atáimse an TIĠEARNA ḃur Ndía náoṁṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 19:2
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Molaidís hainm mór úaṫḃásaċ; oír is náoṁṫa é.


Agus beiṫi agum ḃar rioġaċd sagart, agus ḃar gcineaḋ naoṁṫa. A siad so ná bríaṫra laḃeorus tú re cloinn Israel.


Agus beiṫí ḃur ndáoiniḃ náoṁṫa ḋaṁsa: ní mó óistáoi feóil ar bíṫ fráoilfíġear lé beaṫuiġiḃ san ṁaċaire; teilgfiḋe ċum na madrá é.


Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise, dá ráḋ.


Agus beiṫí náoṁṫa ḋaṁsa: óir misi an TIĠEARNA a táim náoṁṫa, agus do ḋealuiġ mé siḃsi ó ḋáoiniḃ eile, ionnus gó mbeiṫí agum féin.


¶ Náoṁuiḋ siḃ féin ar a naḋḃur sin, agus bíṫi náoṁṫa: óir misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.


Ní mó ṫruaillfeas a ṡíol a measc a ḋaóine: óir mísi an TIĠEARNA náoṁuim é.


A ṁáin ní raċuiḋ táoḃ a steaċ do nfolaċ, nó a ḃfogus do naltóir, do ċíonn go ḃfuil aineaṁ air; ionnus naċ ttruáillfiḋ mó ṡanctoir: óir misi an TIĠEARNA do náoṁuiḋ mé íad.


Naóṁṫoċuiḃ tu é ar a naḋḃar sin; óir ofráluiḋ sé arán do Ḋé: biaiḋ se náoṁṫa ḋuit: óir misi an TIĠEARNA, noċ náoṁṫas tusa, a táim náoṁṫa.


An féidir días do ṡiuḃal le ċéile, mun ḃéid síad réiḋ?


Ar a naḋḃarsin bíḋiḋsi deangṁálta, mar atá ḃur Naṫair atá air neaṁ deangṁálta.


Uime sin a ḋearḃráiṫre gráḋaċa, ar ḃfaġáil na ngeallaṁnaċsa ḋúinn, glanum sinn féin ó uile ṡalċar na féola agus na spioruide, ag críoċnuġaḋ náoṁṫaċda a neagla Dé.


Aṁuil do ṫóġ sé sinn annsan, sul do ċrúṫuiġeaḋ an dóṁan, ionnus go mbéimís náoṁṫa agus neiṁċiontaċ ḋá laṫairsion a ngráḋ:


Uiṁleoċa tú ar a náḋḃarsin do ġlór do ṪIĠEARNA Dé, agus coiṁlíonfa tú a aiṫeanta agus a reaċda, noċ ḟúagruimsi ḋuit a niuġ.


Agus a duḃairt Iosua rís an bpobal, Ní ḟéadṫaoi foġnaṁ don TIĠEARNA: óir is Día náoṁṫa é; is Día éudṁar é; ní ṁaiṫfiḋ sé ḃur ccionta no ḃur bpeácuiḋ ḋaóiḃ.


Ní ḃfuil éainneaċ náoṁṫa mar an TTIĠEARNA: óir ní ḃfuil ann aċd ṫusa: agus ní ḃfuil carruig ar biṫ mar ar Ndíanne.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ