7 Tarrnoċd haṫar, nó tárrnoċd do ṁaṫar, ní léigfe tú leis: is í do ṁaṫair í; ní léigfe tú a tárrnoċd leis.
Gluais, tugam air ar naṫair fíon dól, agus luiġfiom na ḟoċair go ccoiṁeudum síol ó ar naṫair.
Do ṫaisbéanadar ionnadsa tárnoċt a naiṫreaḋ: ionnadsa duṁluiġeadar an ḃean do cuireaḋ a leaṫtaoiḃ do ḃríġ a neaṁġloine.
¶ Ní ṫiucfa éanduine aguiḃ a ngar áoin dá mbía ngáol ḟogus dáoiḃ, ċum a ttárnoċd dfoillsiuġaḋ: mísi an TIĠEARNA.
¶ Agus an duine luiḋeas lé mnáoi a aṫar do léig tarrnoċd a aṫar leis: báiseoċṫar íad a ráon go deiṁin; biaiḋ a ḃfuil orra féin.
¶ Agus má ḃeir fear bean agus a maṫair, is peacaḋ gráineaṁuil sin: loiscfíġear a tteiniḋ íad a ráon, eision agus íadsan; ionnus naċ mbiáiḋ peacaḋ ḃur measg.
Go ma malluiġ an té luiġios le mnaói a aṫar; do ċionn go noċdann sé náire a aṫar. Agus déara an pobal uile, Amén.