Agus biáiḋ Dáiḃi mo ṡeirḃíseaċ na ríġ ós a ccionn; agus biáiḋ aontréaduiġe aca uile: siuḃolúid fós ann mo ḃreiṫeaṁnusaiḃse, agus coiṁéadfuid mo státúide, agus do ḋéanuid íad.
Coiṁeódtáoi ar a naḋḃarsin mo statúidiġ agus mó ḃreiṫeaṁnuis, agus ní ḋéantáoi éinní do an néiṫiḃ graineamlasa; ceaċtar duine dá ḃur ttír féin, nó an coiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ḃur measc:
¶ Coiṁéadfuiḋe mo statúídiġ. Ní léígfíḋe dá ḃur náirnéis gineaṁuin ré cineul éagsaṁuil: ní ċuirfe tú ṫfearann lé síol cumaisce: agus ní mó ċuirfeas tú éadaċ cumaisce, do líon agus doluinn iomad.
¶ Uime sin cuiṁdeoċṫáoi mo statúidiḋ uile, agus mo ḃreiṫeaṁnuis uile, agus déanaiḋ íad: ionnus naċ sceiṫfeaḋ an fearann, iona ḃfuilim dá ḃur ttaḃairt do ċoṁnuiġe, siḃ.
Annois is íad so na haiṫeanta, na reaċda, agus na ḃreiṫeaṁnuis, do aiṫin an TIĠEARNA ḃur Ndía do ṫeagasg ḋíḃ, ċor go ndéantáoi íad annsa ḃfearann a ḃfuiltí ag dul dá ṡealḃuġaḋ: