Agus daingneoċuiḋ mé mo ċunnraḋ eadrum féin agus tú agus eadrum féin agus do ṡíol ad ḋiaiġ ann a ngeinealaċuiḃsin mar ċunnrad siorruiḋe, do ḃeiṫ am Ḋía ḋuitse, agus dot ṡíol ad ḋiáiġ.
Agus glacfa mé ċugam siḃsi mar ṗobal, agus biáiḋ misi mar Ḋía aguiḃsi: agus áiṫeóntaoi gur mé an TIĠEARNA ḃur Ndía, noċ ḃéurus amaċ siḃ ó ḃeiṫ fá úaluiġiḃ na Négipteaċ.
Agus abair ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA, Annsa ló ar ṫoġ misi Israel, agus ar ṫóig mé mo láṁ súas ċum sleaċta ṫiġe Iácob, agus a ndéarna mé mé féin aiṫeanta ḋoiḃ a ccriċ na Hégipte, a nuáir do ṫóig mé mo láṁ súas ċuca, ag ráḋ, Is misi an TIĠEARNA ḃur Ndía;
Annsin a duḃairt mé ríu, Teilgiḋ uáiḃ gaċ áon aguiḃ aḋḟúaṫṁaireaċta a ṡúl, agus ná truáilliġ siḃ féin le hioḋaluiḃ na Hégipte: is Misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
Oír is mise an TIĠEARNA ḃur Ndía: ar an aḋḃarsin náoṁṫoċṫaoi siḃ siḃ féin, agus heiṫí naoṁṫa; óir atáimse naóṁṫá: ní mó ṫruaillfiḋe siḃ féin lé héantsórt neiṫeaḋ ngluáisteaċ noċ ġluáiseas ar an talaṁ.
Ar a naḋḃarsin coiṁéadfuiḋe morduiġese, cor naċ déantáoi éainní do na gnáṫuiġṫiḃ gráineaṁlasa, do rinneaḋ roṁuiḃ, agus naċ dtruáillṫí siḃ féin ionta: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
Agus ní ḋioġlumfuiḋ tú ṫfíneaṁuin, ní mó ċruinneoċus tú gaċ éanċáor dot ḟíneaṁuin; fúigfe tú ag na boċduiḃ íad, agus ag an gcoiṁiġṫeaċ: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.
Aċd an coiṁiḋṫeaċ ċoṁnuiġeas ḃur ḃfoċair biáiḋ aṁuil duine ḃéarṫar ḃur measc, agus gráiḋeoċa siḃ é mar siḃ féin; óir do ḃaḃair féin ḃur ccoiṁiġṫiḃ a gcríċ na Hégipte: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.