Ag ráḋ, A ṁaiġisdir, a duḃairt Máoisi, Dá ḃfagaḋ aonnduine bás, gan ċloinn aige, pósfuiḋ a ḋearḃraṫair a ḃen do ḋliġeaḋ coṁḟoguis, agus tóigeaḃuiḋ sé siól dá ḋearḃráṫair.
A Ṁaiġisdir, do sgríoḃ Máoisi ḋuinn, Dá ḃfaġaḋ dearḃráṫair ḋuine ar biṫ bás, agus do ḃfúigfeaḋ sé a ḃean, agus naċ ḃfuigfeaḋ sé clann, a ḋearḃráṫair do ġaḃáíl a ṁná súd ċuige, do ṫógḃáíl sleaċda ḋá ḋearḃráṫair.
Oír ag cur ḋáoine úaḋ Diorúaiṫ, do ġaḃ sé Eóin, agus do ċeangail sé a bpríosun é ar son Heródias, ṁná ṗósda Ṗilip a ḋearḃráṫar féin: do ḃríġ gur ṗós sé í.
¶ Má ċoṁnuiġid dearḃráiṫre a ḃfoċair a ċéile, agus go néuga áon díoḃ, agus gan ċlann aige, ní ṗósfa bean an té ċuáiḋ déug amuiġ re coiṁiṫeaċ: biáiḋ dearḃraṫair a fir aice, agus béaruiḋ ċuige na mnaói í, agus coiṁlíonfa oifig ḋearḃraṫar a fir ḋi.