Altóir do ċriáiḋ do ḋéana tú ḋáṁsa, agus ioḋbóruiḋ tú uirre sin, hofrála loisge, agus hofrála síoṫċána, do ċáoiriġ, agus do ḋaiṁ; sa nuile ḃall a ttiuḃra mé fa deara mainm do ċuiṁniuġaḋ, tiucfa mé ċugadsa, agus beannoċa mé ṫú.
¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
Agus naċ dtiuḃra go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe é, do ofráil íoḋbarṫa don TIĠEARNA as coinne ṫabernacuil an TIĠEARNA; cuirfiġear fuil a leiṫ an ḟirsin; do ḋóirt sé fuil; agus gearrfuiġear an duine sin amaċ ó ṁeasg a ḋáoine: