A ttabernacuil an ċoṁċruiniġe táoḃ amuiġ don ḟolaċ, noċ atá, as coinne na fiaḋnuisi, oirdeoċuid Aáron agus a ṁic é ó ṫraṫnóna go maidin a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: biáiḋ so na statúid go bráṫ da ngeinealaċuiḃ, do ṫáoiḃ ċloinne Israel.
Do ḟilleadar go hobann as an tsliġe do aiṫin misi ḋíoḃ: do rinnéadar láoġ leaġṫa ḋóiḃ féin, agus do aḋradar ḋó, agus do íoḋbradar ḋó, agus a duḃradar, Is íad so do ḋéesi, ó a Israel, noċ ṫug ṫu amaċ as críċ na Hégipte.
Deagla go ndéantá cunnraḋ ré dúṫċasuiḃ na tíre, agus go raċadaóis do striapaċus a ndiáiġ a ndée sin, agus ioḋbuirt do ḋéanaṁ da ndeeíḃ, agus go ngairfeaḋ duine ṫusa, agus go níosfa dá ioḋbuirt;
Deirid síad, Má ligion fear a ḃean, agus go nimeoċuiḋ sí úaḋ, agus go mbía sí ag fear oile, a niompoċuiḋ sé uirre a rís? naċ ttrúailliġear an talaṁsin go mór? aċt do rinne tusa meirdreaċus lé mórán do luċt gráḋa; aċt ċeana, fill ċugamsa a rís, a deir an TIĠEARNA.
Ní mó dfág sí a stríopaċus ón Négipt: óir do luiġeadar lé iona haóis óig, agus do ḃrúiġeadar cíċe a maiġdionuis, agus do ḋóirtiodar a stríopaċus uirre.
Ann sin suiḋeaċa misi maġaiḋ anaġaiḋ an duine sin, agus a naġaiḋ a ṁuinntire, agus gearrfa mé a maċ é, as lár a ndaóine, agus an ṁéid leanfus a stríapaċus é, do ḋéanáṁ stríapaċuis le Móleċ.
Aċd a deirim, gur do ḋiaḃlaiḃ ioḋbruid na Cineaḋaċa, na neiṫe íoḋbruid síad, agus naċ do Ḋía: agus ní háill leam cumann do ḃeiṫ aguiḃsi ris na diaḃluiḃ.
Ann a raḃaḃair a nallód ag siuḃal do réir nóis an tsáoġailse, do réir an ṗrionnsa agá ḃfuil cúṁaċda a naiéir, agus na sbiorúide óibriġeas a nois a gcloinn na heasúṁlaċda:
¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Maóise, Féuċ, coideoluiḋ tú a ḃfoċair haiṫreaḋ; agus éireoċuiḋ an pobalsa, agus raċuid do stríapaċus a ndiáiġ dée gcoiṁiḋeaċ na tíre, a ḃfuilid síad ag dul na measc, agus tréigfid misi, agus ḃrisfid mo ċunraḋ noċ do rinne mé ríu.
Agus an ċuid do na daóiniḃ do fágḃaḋ gan ṁarḃaḋ ris na pláiġiḃse ni ḋearnadar aiṫriġe ar son oibreaċa a láṁ, ionnus naċ déunaidís seirḃís do ḋeaṁnuiḃ, agus dioḋaluiḃ óir, agus áirgid, agus ṗráis, agus ċloiċe, agus ċroinn, ris naċ éidir aṁarc, ná éisdeaċd, ná siuḃal: