Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 17:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus croiṫfiḋ an sagart a nfuil ar altóir an TIĠEARNA ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus loisgfiḋ an méaṫas mar ḃalaḋ deaġḃolaiḋ don TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 17:6
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus glacfa tú an méaṫas uile ḟolċus an mionaċ, agus án scairt ḃíos ós cionn na náe, agus an dá ḋuḃán, agus an ġeir ḃías orra, agus loisg ar a naltóir íad.


Agus loisgfe tú an reiṫ iomlán ar a naltóir: is ofráil loisge don TIĠEARNA sin: is deaġḃalaḋ é, ofráil déanta le teniḋ don TIĠEARNA.


¶ Aċt tiucfuid na sagairt na Leḃítiḃ, mic Ṡadoc, noċ do ċoiṁéad cúram mo ṡanctóra an tan do ċuádar clann Israel ar seaċrán uaim, am ġar do ṁiniostralaċd daṁ, agus seasfuid am ḟiaḋnuise dofráil an ṁéuṫuis agus na fola ḋaṁ, a deir an Tiġearna DIA:


Ar ċor go ttiuḃraidís clann Israel a níoḋbarṫa, noċ ofráilfid ar an maċaire a muiġ, eaḋon go dtuḃradís iad don TIĠEARNA, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, ċum an tsagairt, agus go nofráilfid mar ofráluiḃ síoṫa don TIĠEARNA íad.


Agus loiscfiḋ an sagart ar an altóir é: sé sin bíaḋ na hofrala déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA.


Agus leagfa a láṁ ar a ċean, agus muirfiḋ sé é as coinne ṫabernacuil an ċomċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron a ḟuil ar an altoir timċioll fa gcuairt.


Agus loisgfiḋ an sagart iad ar an altoir: sé sin biaḋ na hofrálá déanta le teiniḋ mar ḃolaḋ cuṁra: a nuile ṁéaṫus is léis an TIĠEARNA é.


Agus leagfa sé a láṁ ar ċionn a ofrála, agus muirfiḋ sé é ag dorus ṫabernacuíl an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfid mic Aaron na sagairt an ḟuil ar an altóir timċioll fa gcuáirt.


Agus loiscfid clann áaron é ar an altóir ar an ioḋbuirt loiscṫe, noċ ḃíos ar an gconnaḋ ḃíos ar an tteniḋ: ofrail déanta le teniḋ, do ḃolaḋ cumbra don TIĠEARNA.


Agus leagfa a láṁ air cionn a ofrála, agus muirfiḋ é as coinne an tabernacuil an ċoṁċruinniġṫe: agus croiṫfiḋ clann Aaron a ḟuil timċioll fá gcuairt ar an altóir.


Agus bainfiḋ sé amaċ an méaṫus uile, aṁuil mar ḃeantar amaċ méaṫus ó ioḋbairt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA; agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋó é.


Aċd céadláoġ bó, nó céadúan cáoraċ, no céadṁeannan gaḃair, ní ḟuáisceola tú; atáid sin náoṁṫa: croiṫfe tú a ḃfuil ar a naltóir, agus loisgfe tú a méaṫas mar ofráil déanta lé teiniḋ, mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ