Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 17:5 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Ar ċor go ttiuḃraidís clann Israel a níoḋbarṫa, noċ ofráilfid ar an maċaire a muiġ, eaḋon go dtuḃradís iad don TIĠEARNA, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, ċum an tsagairt, agus go nofráilfid mar ofráluiḃ síoṫa don TIĠEARNA íad.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 17:5
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir Abraham fás ċrann a Mbeerséba, agus do ġoir ann sin ar anim an TIĠEARNA, an Día bioṫḃúan.


Agus do ṫóg Abraham a ṡúile súas, agus daṁairc sé, agus féuċ, do ḃí táoḃ ṡíar ḋe reiṫe ceanguilte lé na aḋarcuiḃ ann a ttor: agus do ċuáiḋ Abraham agus do ġlac an reiṫe, agus do íoḋbuir é mar offrail loisge a náit a ṁic.


Agus a duḃairt seision, Glac annois do ṁac háonṁac aṁáin, Isaac, ar a ḃfuil gráḋ agad, agus eiriġ go criċ Ṁóriah; agus Ioḋbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléiḃtiḃ inneósus misi ḋuit.


Ann sin do rinne Iácob íoḋbuirt ar a tslíaḃ, agus do ġoir a ḋearḃráiṫre diṫe aráin: agus a duadar arán, agus do ḟanadar feaḋ na hoiḋċe san tslíaḃ.


Oír do rinneadarsan dóiḃ féin áite árda, agus íoṁaiġeaċa, agus garráin, ar gaċ eanċnoc árd, agus faoi gaċ éanċrann ġlas.


¶ Aṁaín do nídís an pobal íoḋbuirt air na hárduiḃ, do ḃríġ nar tógḃaḋ fós tiġ dainm an TIĠEARNA gus na laéṫiḃsin.


Agus do ġráḋuiġ Solaṁ an TIĠEARNA, ag imṫeaċd a statúidiḃ Ḋaiḃi a aṫar: aṁaín do níoḋ sé íoḋbairt agus do loisceaḋ túis ar na hárduiḃ.


Agus do rinne sé ióḋbairt agus do loisg sé túis air na hárduiḃ, agus air na cnocaiḃ, agus fáoi gaċ éanċrann glas.


Agus do ċuireadar súas dóiḃ féin íoṁáiġe agus garráin ann gaċ áon ċnoc árd, agus fáoi gaċ áon ċrann glas:


Do rinne sé íoḋbairt mar an ccéadna agus do loisg sé túis annsna háitiḃ árda, agus air na cnocaiḃ, agus faói gaċ áonċrann ġlas.


Agus do ċuir sé dáoine óga do ċloinn Israel, noċ do ofráil ofrála loisge, agus do ioḋbuir íoḋburṫa síoṫċána do ḋaṁuiḃ don TIĠEARNA.


An tan ṫug mé íad don tír, ar son ar ṫóig mé súas mo láṁ dá ṫaḃairt dóiḃ, annsin do ċonncadar gaċ uile ċnoc árd, agus na huile ċranna tíuġa, agus díoḋbradar annsin a níoḋbarṫa, agus annsin do ṫaḃradar gréasaċd a nofrala: annsin mar an gceadna ṫugadar a mbolaḋ cúṁra, agus do ḋóirteadar amaċ annsin a nofrála diġe.


Atáid daóine ionnadsa iomċras scéula do ḋórtaḋ fola: agus ionnadsa iṫid síad ar na sleiḃtiḃ: do níd síad úallaċus ann do lársa.


Agus an tan ċríoċnoċṫar na láeṫesi, aseaḋ ḃías air, a noċtṁaḋ lá, agus mar sin súas, go ndéanuid na ságairt ḃur nofrála loisge air a naltóir, agus ḃur nofrála síoṫċána; agus géaḃa misi siḃsi, a deir an Tiġearna DIA.


¶ Aċt tiucfuid na sagairt na Leḃítiḃ, mic Ṡadoc, noċ do ċoiṁéad cúram mo ṡanctóra an tan do ċuádar clann Israel ar seaċrán uaim, am ġar do ṁiniostralaċd daṁ, agus seasfuid am ḟiaḋnuise dofráil an ṁéuṫuis agus na fola ḋaṁ, a deir an Tiġearna DIA:


Agus naċ dtiuḃra go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe é, do ofráil íoḋbarṫa don TIĠEARNA as coinne ṫabernacuil an TIĠEARNA; cuirfiġear fuil a leiṫ an ḟirsin; do ḋóirt sé fuil; agus gearrfuiġear an duine sin amaċ ó ṁeasg a ḋáoine:


Agus croiṫfiḋ an sagart a nfuil ar altóir an TIĠEARNA ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus loisgfiḋ an méaṫas mar ḃalaḋ deaġḃolaiḋ don TIĠEARNA.


Léirscriosfuiḋ siḃ a nuile áit, a ndearnadar na cineaḋaċa noċ ṡealḃoċṫaoi serḃís da ndéeiḃ, ar na sléiḃtiḃ árda, agus ar na enocuiḃ, agus faói gaċ éanċrann ġlas:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ