Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 16:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus ofráilfiḋ Aáron a ḃulóg na hofrála peacaiḋ noċ ḃías ar a ṡon féin, do ḋéanaṁ síoṫ ar a ṡon féin, agus ár son a ṫiġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 16:6
12 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is aṁluiḋ ḃí, a núair do ṫíaġaḋ láeṫe a bfleiḋe timċioll, go ccuireaḋ Iób fios orra agus go náoṁuiġeaḋ sé íad, agus go néirġeaḋ sé sa ṁoċ na maidne, agus go nofrálaḋ sé iodḃarṫa loisge do réir a nuiḃre uile: óir a deireaḋ Iób, Do bféidir gur ṗeacniġeádar mo ṁic, agus gur ṁalluiġeadar Día iona gcroiḋṫiḃ. Marso do níoḋ Iób go gnáṫaċ.


Agus do ḃéara tú do na sagartaiḃ na Leḃítiġ ḃíos do ṡíol Ṡadoc, noċ ṫig a ngar ḋaṁsa, do ṁiniostralaċt daṁ, a deir an Tiġearna DIA, bulóg óg mar ofráil ṗeacaiḋ.


Agus an tan ċríoċnoċṫar na láeṫesi, aseaḋ ḃías air, a noċtṁaḋ lá, agus mar sin súas, go ndéanuid na ságairt ḃur nofrála loisge air a naltóir, agus ḃur nofrála síoṫċána; agus géaḃa misi siḃsi, a deir an Tiġearna DIA.


Mar so ṫiucfas Aáron sa náit náoṁṫa: maille ré bulóig óig mar ofráil ṗeacaiḋ, agus reiṫe mar ofráil loiscṫe.


Agus glacfuiḋ an dá ġaḃar, agus taisbéanfuiḋ íad as coinne an TIĠEARNA ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ.


Agus a duḃairt Maóise ré Háaron, Imṫiġ ċum na haltóra, agus íoḋbuir hofráil ṗeacaiḋ, agus hofráil loiscṫe, agus déana síoṫ ḋuit féin, agus don pobal: agus íoḋbuir ofráil an ṗobuil, agus déana síoṫ ḋóiḃ: mar do aiṫin an TIĠEARNA.


Ar náċ ḃfuil riaċdanus go láeṫeaṁuil, mar do ḃí ar na hárdsagartuiḃ úd, ioḋbarṫa do ḋéunaṁ ar tús, ar son a ṗeacuiġeaḋ féin, na ḋiáiġ sin ar son ṗeacuiġeaḋ an ṗobail: óir do rinne sé so eunúair aṁáin, an tan do rinne sé íoḋbairt de féin.


Agus fós ní tré ḟuil ġaḃar na láoḋ, aċd tré na ḟuil féin; do ċuáiḋ sé a steaċ éun uáir aṁáin sna hiosdaḋuiḃ náoṁṫa, ar ḃfaġáil fúasluiġṫe ṡíorruiḋe ḋúinne.


Aċd don dara ṫabernácail do ṫeiġeaḋ an tárdsagart na áonar áon úair aṁain gaċa blíaḋna, ní gan ḟuil, noċ do ḟoráileaḋ sé ar a ṡon féin, agus ar son ṡeaċráin an ṗobail:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ