23 Agus tiucfaiḋ Aáron a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus cuirfiḋ sé na héaduiġe lín de, noċ do ċuir air a nuáir do ċuáiḋ do náit náoṁṫa, agus fúigfiḋ annsin íad:
Agus an tan raċuid síad amaċ don ċúirt amuiġ, eaḋon dan ċúirt is faide amaċ ċum an ṗobail, cuirfid síad díoḃ a néaduiġe ann ar ṁiniostraladar, agus leagfuid íad annsna seomraḋuiḃ náoṁṫa, agus cuirfid éadaċ oile umpa; agus ní náoṁṫoċuid síad an pobal le na néadaċ.
An tan raċaid na sagairt ionta a steaċ, annsin ní raċaid síad amaċ as a náit náoṁṫa don ċúirt amuiġ, aċt leagfuid a néaduiġe annsin iona miniostraluid; óir atáid náomṫa; agus cuirfiḋ a néaduiġe eile orra, agus tiucfaid a ngar do na neiṫiḃsi noċ ḃeanas ris an bpobal.
Oír an ní nár ḃéidir don dliġeaḋ do ḋéunaṁ, ar mbeiṫ ḋó anḃfann trés an ḃfeól, ar gcur a Ṁic féin do Ḋía ag cosaṁlaċd ċolla an ṗeacuiġ, agus ar son peacaiġ, do ḋamnuiġe sé an peacaḋ sa ccoluinn:
Cuirfiḋ sé uime an cóta náoṁṫa línéaduiġ, agus béid na brístiḋe línéaduiġ ré na ċroicionn, agus ar na ċrioslúġaḋ lé crios línéaduiġ, agus leis an míter línéaduiġ éideoċṫar é: is éaduiġe náoṁṫa iadso; uime sin niġfiḋ sé a ḟeóil a nuisce, agus annsin cuirfiḋ uime íad.
As mar na gcéudna fuáir Críosd a ioḋḃairt éunuáir aṁáin ċum peacuiḋ ṁóráin do sgríos dó; agus búḋ léir é an dara huáir gan ṗeacaḋ don druing atá ag fuireaċ ris ċum slánuiġṫe.