Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 16:18 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Agus raċaiḋ amaċ ċum na haltóra atá as coinne an TIĠEARNA, agus do ḋéana síṫ ar a son; agus glacfuiḋ dfuil na bulóige, agus dfuil an ġaḃair, agus cuirfiḋ ar ḃeannuiḃ na haltóra fá gcuáirt í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 16:18
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḋéana Aáron síṫ ar a beannuiḃ uáir san mbliaḋuin le fuil ofrála ṗeacaiḋ na síṫe; uáir san mbliaḋuin do déana sé síḋ uirre ar feaḋ ḃur ngeinealaċ: atá sí ro náoṁṫa don TIĠEARNA.


Agus glacfuiḋ tú dá ḟuil sin, agus cuirfe tú air a ċeiṫre ḃeannuiḃ, agus air ċeiṫre coirnéuluiḃ an tsuiḋeaċaḋ, agus air a nimiol timċioll fa ccuáirt: is marso ġlanfas tú agus scagfas tú é.


Agus air an dara lá ofráilfiḋ tú meannán do na gaḃruiḃ gan ċáiḋe mar ofráil ṗeacaiḋ; agus glanfuid a naltóir, mar do ġlanadar í leis an mbulóig.


Agus glacfuiḋ an sagart dfuil na hofrála peacaiḋ, agus cuirfiḋ air ṗostaḋuiḃ an tiġé í, agus ar ċeiṫre coirnéaluiḃ ṡuiḋiġe na haltóra, agus air ṗostaḋuiḃ ġeata na cúirte is faide a steaċ.


Agus do ḋéanuiḋ síoṫ ar son an ionaid náoṁṫa, do ḃríġ neaṁġloine ċloinne Israel, agus do ċionn a saruiġṫe iona uile ṗeacaḋuiḃ: agus do ḋéana mar sin ar son ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, noċ ċoṁnuiġeas na measc, a meaḋón a neaṁġloine.


Agus ní ḃía éanduine a ttabernacuíl an ċoṁċruinniġṫe a nuáir raċus sé a steaċ do ḋéanaṁ na síoḋa annsa náit náoṁṫa, nó go dteig amaċ, agus go ndéarna síṫ ar a ṡon féin, agus ar son a ṫiġe, agus ar son ċoṁċruinniġṫe Israel uile.


Agus cuirfiḋ sé cuid do nfuil ar ḃeannuiḃ na haltóra noċ atá as coinne an TIĠEARNA, atá a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe, agus dóirtfiḋ amaċ a nfuil uile ag bonn altóra na hofrála loiscṫe, noċ atá ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe.


Agus glacfuiḋ an sagart dfuil na hofrála peacaiḋ lé na ṁéur, agus cuirfe sé í ar ḃeannuiḃ altóra na hofrála loiscṫe, agus doirtfiḋ amaċ a nfuil ag bonn altóra na hofiála loiscṫe.


Agus cuirfiḋ an sagart cuid do nfuil ar ḃeannuiḃ altóra na túisé deaġḃoluiġ a laṫair an TIĠEARNA, noċ atá a ttabernacuil an ċoṁċruinniġṫe; agus dóirtfiḋ sé fuil na bulóige uile ag bonn altóra na hofrála loiscṫe, noċ atá ag dorus ṫabernacuil an coṁċruinniġṫe.


Agus éanġaḃar aṁain ar son ofrala peacaiḋ, do ḋéanaṁ sioṫċána ḋáoiḃ.


Agus is ar a sonsan náoṁaimsi mé féin, ionnus go mbéidísean mar an gcéadna ar na náoṁaḋ sa ḃfírinne.


Oír an tí náoṁus agus an dream do niṫear náoṁṫa is ó aon íad uile: uime sin ní ġaḃann aḋnáire é fá ḋearḃráiṫriḃ do ġairm ḋíoḃ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ