7 Agus an té ḃeanas re feóil an té ar a ḃfuil an ċréaċt niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
Agus ar a son so béiṫi neaṁġlan: gioḋ bé ar biṫ ḃeanas ré na cconabluiḋe biaiḋ neaṁġlan go tráṫnóna.
Agus gioḋ bé ar biṫ iomċoras énni dá gconabluiḋ níġeaḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go tráṫnona.
Agus ma éugann áoinḃeaṫaċ, dar féidir liḃ iṫe; an té ḃeanas re na ċonabluiḋ sin biáiḋ sé neaṁġlan go nóin.
Agus gioḋ bé ar biṫ ṡuiḋfeas ar an áit ar ṡuiġ an té ar aḃfuil an ċréaċd niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
Agus ma ċuirionn an té ar a ḃfuíl an ċréaċt a ṡilt ar an tí ḃíos glan; annsin niġfiḋ an té sin a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisce, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
Nó gioḋ bé ar biṫ ḃeanas ré héinni snáiḋṫeaċ, lé ndéantar neaṁġlan é, nó ré duine ó ḃfuiġeaḋ salċar, gioḋ bé ar biṫ salċar, ḃías air;
Agus giḋ bé ní ré mbeanfuiḋ an duine neaṁġlan biáiḋ sé neaṁġlan; agus an tanum ḃeanfas ris biáiḋ sé neaṁġlan go tráṫnóna.