Agus gioḋ bé ar biṫ ní ar a dtuitfiḋ énni ḋíoḃ, a nuáir ḃías marḃ, biáiḋ sé neaṁġlan; más soiṫeaċ croinn é, nó éadaċ, nó croicean, nó sac, nó gioḋ bé ar biṫ soiṫeaċ é, le ndéantar obair ar biṫ, caiṫfiġear a ċur a nuisce, biáiḋ néaṁġlán go nóin; glanfuiḋear mar sin é.
Agus an seaċṁaḋ lá féuċfuiḋ an sagart ar an gcarruiḋé: agus féuċ, muna leaṫnuiġiḋ an ċarruiḋe an sa ċroicionn, nó a ḃfaicsin nís doiṁne nó an croicionn; annsin foillseoċuiḋ an sagart glan é: agus niġfiḋ a éadaċ, agus bíaiḋ glan.
Agus féuċfuiḋ an sagairt air a rís an seaċdṁaḋ lá: agus, féuċ, má ḃíonn an loit réad éigin dorċa, agus naċ leiṫneoċuiḋ an loit annsa ċroicionn, ann sin fuáigeoruiḋ an sagart a ḃeiṫ glan: ní ḃfuil ann aċd léus: nifiḋ sé a éadaċ, agus biáiḋ glan.
¶ Agus gaċ uile anam íosas a nfeóil fuáir bás uáiṫe fein, nó do ṁarḃaḋ lé beaṫaċaiḃ, más duine dot ṫír féin é, nó coíṁiḋṫeaċ, niġfiḋ aráon éadaċ, agus foṫruicfíḋ é fein a nuiscṫe, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: annsin biáiḋ sé glan.
Agus an té ċruinniġis luáiṫ na colpuiḋe niġfiḋ sé á éadaċ, agus biáiḋ se neaṁġlan go tráṫnóna: agus biáiḋ sé ag cloinn Israel, agus ag an ccóiṁiḋṫeaċ ċoṁnúiġeas na measc, na reaċd síorruiḋe.
Druideam air ar naġaiḋ maille ré croíḋe fírinneaċ sáirḋeiṁneaċ a gcreideaṁ, ar mbeiṫ dár gcroíḋiḃ ar na ccróṫaḋ ó ḋroċċoinnsías, agus ar mbeiṫ dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
A né náċ ro ṁó ná sin ḋéunas fuil Ċríosd, noċ do ḟoráil é féin gan ċáiḋe do Ḋía trés an Sbiorúid ṡíorruiḋe, ḃur ccoinnsíassa ġlanaḋ ó oibreaċuiḃ marḃa ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃeó?
(Oír mar sin bá héigean dó páis dfulang do minic ó ṫús an doṁáin: aċd a nois do foillsiġeaḋ é éun uáir aṁáin a ndeireaḋ an tsáoġail, ċum an ṗeacuiḋ sgrios tré na ioḋbairt féin.
Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.