Agus gíoḋ bé ar biṫ re mbeanfa an té ar a mbía an ċréaċt, agus nar ṁeasc a láṁa a nuisce, niġfiḋ sé a éadaċ, agus foṫruicfiḋ sé é féin a nuisce, agus biaiḋ neaṁġlan go nóin.
A noiġeann dó ḋéantar é maille ré hola; agus a nuáir ḃías bruiṫe, do ḃéura tú a stéaċ é: agus na píosuiḋe bruiṫe do nofráil ḃíḋ ofráilfiḋ tú mar ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.
Noċ ċuirfeas an gcorp truáilliġe a náṫarraċ cróṫa, ċum a ḋéunta cóṁċosṁuil ré na ċorp glórṁar féin, tres a noibriuġaḋ lér féidir leis na huile neiṫe fós do ċur faói féin.