Agus glacaiḋ ceanglaċán iosóipe, agus tumaiḋ é san ḃfuil, noċ ḃías annsa ḃaisín, agus buáiliḋ an fárdorus agus an dá ursuinn leis an ḃfuil ḃías annsa ḃáisín; agus ni raċuiḋ áonduine aguiḃ amaċ as dorus a ṫiġe go maidin.
Agus múna ḟéadfa sí úan do ṫaḃairt, ansin do ḃéara ḋá ṫurtuir, no ḋá ċolum óga; áon díoḃ mar ofráil loiscṫe, agus an dara mar ofráil ṗeacaiḋ: agus do ḋéana an sagart síṫ ar a son, agus biáiḋ sí glan.
Ar son a neóin ḃeó, glacfuiḋ é, agus an connaḋ céadair, agus an scárláoid, agus an tiosoip, agus tumfuiḋ íad agus an téun beó a ḃfuil a neóin do ṁarḃaḋ ós cionn a nuisce reaṫa:
Agus muna ttí ḋé úan do ṫaḃairt leis, annsin do ḃéura sé ḋá ċolum túrtuire les ar son an ṗeacuiḋ do rinne sé, nó ḋá ċolum óga ċum an TIĠEARNA; áon mar ofráil ṗeacaiḋ, agus an dara mar ofráil loiscṫe.
Agus glacfuiḋ duine glan isóip, agus tuniṫniġ annsa nuisge é, agus croiṫfiḋ ar an lóistín é, agus ar na soiṫiġiḃ uile, agus ar na dáoiniḃ do ḃí annsin, agus ar an té do ḃean ré cnáiṁ, nó ré duine do marḃaḋ, nó ré duine fuáir bás, nó ré huáiġ:
Oír an tan do laḃair Máoise na huile aiṫeanta ris an bpobal uile réir an reaċda, ar nglacaḋ fola láoḋ agus gaḃar ḋó, maille ré huisge, agus ré holuinn ṗurpair, agus ré híosóip, do ċraiṫ sé í ar an leaḃar, agus ar an bpobal uile mar an gcéudna;