Ann sin do ċúaiḋ sé síos, agus do ṫom sé é feín seaċd nuáire ann Iordan, do reír mar a duḃairt óglaċ Dé: agus ṫaínig a ḟeóil a rís mar ḟeóil leiniṁ ḃig, agus do ḃí sé glan.
Agus a duḃairt, Má eísteann tú go dúṫraċdaċ re guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, agus do ndéana tú an ní is ceart na raḋarc, agus go ttiuḃra tú aire dá aiṫeantuiḃ, agus go gcuiṁdeoċa tú a reaċda uile, ni ċuirfe me énni dona heasláintiḃsi oruiḃ noċ ṫug mé ar na Hégiptiḃ: óir is misi an TIĠEARNA leiġisios tú.
A nuáir ḃías ag éanduine, at nó gearb, nó léus a ccroiceann a ḟéola, agus go mbía a gcroiceann a ḟéola, aṁuil pláġa luḃra; bearṫar an sin ċum Aáron an sagart é, nó go mac ḋá ṁacaiḃ, ḃías na ṡagairt:
Agus má ṫig an sagart a steaċ agus féaċuin air, agus féuċ, muna ar leaṫnuiġ an loit annsa tiġ, tar éis an tiġe do ṗlástráil: annsin fuáigeoruiḋ an sagart an tiġ glan, do ċionn gur leiġiseaḋ an loit.
Do ġeiḃid na doill a raḋarc, agus sioḃluid na bacaiġ, glantar na loḃair, agus do ċluinid na boḋair, dúisgṫear na máirḃ, agus a tá an soisgéul da ṡeanmóir do na boċdaiḃ.
Agus ar ḃfreagra Díosa a duḃairt sé ríu, Ar nimṫeaċd díḃ, innisiḋ Deóin na neiṫe do ċonncaḃair agus do ċúalaḃair; go ḃfaicid na daill, go siuḃlaíd na bacuiḋ, go nglantar na loḃair, go gċimid na boḋair, go néirġid na mairḃ, go ḃfuil an soisgéul dá ṡeanmóir do na boċdaiḃ.