18 Agus fuiġeall na hola ḃias a láiṁ an tsagairt dóirtfiḋ sé ar ċeann an tí ḃías ré ġlanaḋ: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a laṫair an TIĠEARNA.
Agus loiscfiḋ sé a ṁéaṫus uilé ar a naltóir, aṁuil ṁéaṫus ioḋbarṫa na hofrála sioṫċana: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon a ttáoiḃ a ṗeacaiḋ, agus maiṫfíġear ḋo é.
Agus do ḋéana sé leasuġaḋ annsa doċar do rinne annsa ní naoṁṫa, agus cuirfiḋ an cúigeaḋ cuid na ċionn, agus do ḃéura don tsagart é: agus do ḋéana an sagart síoṫċáin do le reiṫe na hofrála sáruiġṫe, agus maiṫfiġear ḋó é.
Agus bainfiḋ sé amaċ an méaṫus uile, aṁuil mar ḃeantar amaċ méaṫus ó ioḋbairt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é mar ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA; agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋó é.
Air a naḋḃarsin bá cóir ḋó ḃeiṫ cosṁuil ré na ḋearḃráiṫriḃ sna huile neiṫiḃ, ionnus go mbíaḋ sé trócaireaċ agus na ardṡagart díleas sna neiṫiḃ ḃeanas ré Día, ċum an ṗubail do ġlanaḋ ó na bpeacaiḋiḃ maille ré na ioḋbairt.
Agus cuid eile do nola atá iona láiṁ cuirfiḋ an sagart ar ḃár cluaise deise an té ḃías ré ġlanaḋ, agus ar ordóig a láiṁe deise, agus ar ordóig a ċoise deise, ar ḟuil na hofrála sáruiġṫe:
Agus do ḋéana an sagart lóirġníoṁ ar son a nanma ṗeacuiġeas go hainḃfiosaċ, a nuáir do ní sé peacaḋ go hainḃfiosaċ a laṫair an TIĠEARNA, do ḋéanaṁ lóirġníoṁa ar a ṡon; agus maiṫfiġear ḋó é.
Agus do ḋéana sé ris an mbulóig mar do rinne ré bulóig ar son na hofrala peacaíḋ, mar sin do ḋéana sé ría so: agus do ḋéana an sagart síoṫ ar a ṡon, agus maiṫfiġear ḋóíḃ é.
Agus bainfiḋ sé amaċ a ṁéaṫus uile, mar beantar méaṫus a nuain amaċ ó ioḋbuirt na hofrála síoḋa; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir íad, do réir na nofrálaḋ do nioṫar lé teíniḋ don TIĠEARNA: agus do ḋéana an sagart cáḋaċas ar son an ṗeácaiḋ do rinne, agus maiṫfíġear ḋó é.
Agus ofráilfiḋ an sagart íad, áon aca ar son ofrála peacaiḋ, agus an dará héun ar son ofrála loiscṫe; agus do ḋéana an sagart síṫ ar son a ṡilte a laṫair an TIĠEARNA.