A nuáir ḃías ag éanduine, at nó gearb, nó léus a ccroiceann a ḟéola, agus go mbía a gcroiceann a ḟéola, aṁuil pláġa luḃra; bearṫar an sin ċum Aáron an sagart é, nó go mac ḋá ṁacaiḃ, ḃías na ṡagairt:
Agus féuċfuiḋ an sagart air an seaċdṁaḋ lá: agus má leaṫnuiġeann go mór annsa ċroicionn, an sin fuáigeoruiḋ an sagart neaṁġlan é: a sé sin loit na lúḃra.
Agus féuċfuiḋ an sagairt air a rís an seaċdṁaḋ lá: agus, féuċ, má ḃíonn an loit réad éigin dorċa, agus naċ leiṫneoċuiḋ an loit annsa ċroicionn, ann sin fuáigeoruiḋ an sagart a ḃeiṫ glan: ní ḃfuil ann aċd léus: nifiḋ sé a éadaċ, agus biáiḋ glan.