57 Agus má ṫaisbeanann sé fós annsa néadaċ, nó annsa dlúṫ, nó annsa ninneaċ, nó a néainni do ċroicionn; is loit leaṫnuiġṫe é: loisgfíḋ tú an ni sin iona mbía an loit le teiniḋ.
Atáid peacaiċ Síon eaglaċ; do lion eagla na fúarċráiḃṫiġ, ġa raḋ, Cia eadruinn aitreaḃus maille le teiniḋ millteaċ? cía eadruinn aitreaḃus maille re loisgṫiḃ síorruiḋe?
Agus má ḟéuċann an sagart, agus féuċ, go mbía an loit ní eigin dorċa tar éis a niġṫe; annsin brisfiḋ sé amaċ as a néadaċ é, no amaċ as an gcroicionn, nó as a ndlúṫ, nó as a ninneaċ:
Agus an téadaċ, más dlúṫ nó inneaċ, nó giḋ bé ar bíṫ ní do ċroicionn da mbía, noċ niġfeas tú, má ḟágḃann an loit íad, annsin niġfiġear an dara huáir íad, agus biáiḋ glan.
Ann sin a déara sé mar gcéadna ré luċd na láiṁe clí, A ḋáoine malluiġṫe, imṫiḋiḋ úaim ann sa teiniḋ ṡiorruíḋe, atá ar na hullṁuġaḋ don diaḃal agus dá aingliḃ:
Agá ḃfuil a críaṫar ann a láiṁ, agus glanfuiġ sé urlár a ḃúailte, agus cruinneoċuiġ sé an ċruiṫneaċd an ait ṫaisgiḋe; agus loisgfiḋ sé an ċáiḋ lé teiniġ naċ éidir do ṁúċaḋ.
¶ Taḃair haire a bpláiġ na luḃra, go gcoiṁéadfa tú go dúṫraċdaċ, agus go ndéana tú do réir a nuile neiṫe ṁúinfid na sagairt Leḃiteaċ ḋuit: mar do aiṫin misi ḋíoḃsan, mar sin ċoiṁeadfáoisi ḋéanaṁ.
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.