52 Loiscfiḋ sé an téadaċ sin uime sin, más dlúṫ nó inneaċ é, a noluinn nó a linéadaċ, nó a néainní do ċroicionn iona mbía an loit: óir is lúḃra crínteaċ é; loiscfíġear a tteiniḋ é.
Truaillfiġṫí fós folaċ híoṁáiġeaḋ greanta dairgiod, agus córuġaḋ híoṁáiġeaḋ leaġṫa dór: teilgfiḋ tú uáit íad aṁail éadaċ salaċ; a déara tú ris, Imṫiġ as so.
Agus gaċ uile ní ar a ttuitfíḋ áoinní da gconabluiḋe biáiḋ se neaṁġlan; más bácús é, no rainnesiḋe do ṗotuiḃ, brisfíġear síos íad: óir atáid siad neaṁġlan, agus béid neaṁġlan ḋaóiḃse.
Agus féuċfuiḋ ar an loit an seaċdṁaḋ lá: má leaṫnuiġeann an loit sa néadaċ, san dlúṫ, nó sa ninneaċ, nó a ccroicionn, nó a nobair ar biṫ do níṫear do ċroicionn; is lúḃra ċrínteaċ an loit; atá sé neaṁġlan.