¶ Agus do ċuáiḋ sé súas as sin go Bétel: agus mar do ḃí sé ag imṫeaċd súas ar a tsliġe, ṫangadar leiniḃ ḃeaga amaċ as au gcaṫruiġ, agus do rinneadar magaḋ air, agus a duḃradar ris, Eiriġ súas, a ċinn ṁaóil; éiriġ súas, a ċinn ṁaóil.
Do ċuáiḋ sé súas go Baiit, agus go Díbon, na háite árda, do ġul: núallfuiḋ Moab ós cionn Nébo, agus ós cionn Ṁedeba: biáiḋ maóile ar a cceannuiḃ uile, agus gaċ áon ḟéasóg geárrṫa ḋíoḃ.
Annsin féuċfuiḋ an sagart: agus féuċ, má ḃíonn an ḃuilgléusaċ a gcroicionn a ḃfeóla bán dorċa; bánléusa teasḃuiḋ íad ḟasas annsa ċroicionn; atá sé glan.
Agus iompoċa mé ḃur ḃféustaḋa a ndóbron, agus ḃur naḃráin uile a ccuṁaiḋ; agus do ḃéara mé saicéadaċ súas air a nuile leasraċ, agus maóile air gaċ nile ċeann; agus do ḋéana mé é uṁuil mar buḋ cuṁaiḋ arson aóinṁic, agus a ċríoċsin aṁuil deireaḋ laói ṡeirḃ.
Is mar ḋuine laḃrum ar son anḃfainne ḃur ḃféolasa: oír do réir mar ṫugaḃair ḃur mbaill na seirḃíseaċuiḃ do neaṁġloine agus do ḃriseaḋ na naiṫeantaḋ ċum éagcóra; taḃruiġ a nois mar an gcéudná ḃur mbaill na seirḃíseaċuiḃ don ḟíréantaċd ċum náoṁṫaċda.