Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 13:4 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Dá ḃionn an léus bán a ccroiceann a ḟéola, agus ré faicsin naċ bía ní is doiṁne ná an croicionn, agus náċ ionntoċuiḋ a ḟionnaḋ bán; ann sin íaḋuiḋ an sagart ar an té ar a mbía an loit seaċd lá:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 13:4
14 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus na Leḃítiġ dimṫiġ a ḃfad uáim, an tan do ċuáiḋ Israel ar seaċran, noċ do ċuáiḋ ar seaċran a ndiáiġ a nioḋál; iomċoruid síad a néigceart féin.


Is seanlúḃra sin a gcroicionn a ḟéola, agus fuáigéoruíḋ an sagart neaṁġlan é, agus ní ċuirfiḋ a steaċ é: óir atá neaṁġlan.


Ann sin féuċfuiḋ an sagart air: agus féuċ, má aṫruiġeann an fionnaḋ ann sa ġuirín ṡoillseaċ bán, agus go mbía ré a ḟéaċuin ní is doiṁne nó an croicionn; is lúḃra í ar mbriseaḋ a maċ as an lassaḋ: uime sin fuáigéoruiḋ an sagart neaṁġlan é: a sé sin loit na lúḃraiḋ.


Aċd má féuċann an sagart air, agus féuċ, naċ bía fionnaḋ bán ar biṫ annsa nguirín ṡoillseaċ, agus naċ bí ní is ísle nó án croicionn eile, aċd go mbía ní éigin dórċa air; annsin druidfiḋ an sagart air go ceann ṡeaċd lá:


Agus féaċfuiḋ an sagart ar an loit a gcroicionn a ḟéola: agus má iompóiġeann na fionnaḋ ban annsa loit, agus go mbía an loit nios doiṁne re a faicsin ná croiceann a ḟéola, is loit luḃra sin: agus féaċfuiḋ an sagart air, agus fúaigéoruiḋ a ḃeiṫ neaṁġlan.


Agus má ḟéuċann an sagart ar an loit carruiġ, agus féuċ, muna raiḃ nís doíṁne annsa ċroicionn, agus naċ bía grúag ḋuḃ ar biṫ innte; annsin iaḋaḋ an sagart ar an té ar a mbía an ṗláiġ ċarruiḋe seaċd lá:


Agus féuċfuiḋ an sagart air an seaċdṁaḋ lá: agus, féuċ, ma ḃí an loit an aṁarcsan ag fuireaċ, agus naċ leiṫneoċuiḋ annsa ċroícionn; annsin druidfiḋ an sagart air seaċd lá eile:


Agus féuċfuiḋ an sagart ar a loit, agus druitfiḋ ar an ní a mbía an loit seaċd lá:


Annsin raċuiḋ an sagart amaċ as an ttiġ go dorus an tiġe, agus druidfiḋ súas an tiġ seaċd lá:


¶ Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Maóise, Muna ndearnaḋ a haṫair aċd seile do ṫeilgean na háġaiḋ, naċ biaḋ náire uirre seaċd lá? curṫar amaċ as an ċampa í seaċd lá, agus na ḋíaiġ sin glacṫar a steaċ í.


Agus do cuirfeaḋ Miriam ón ċampa seaċd lá: agus níor aistríġeadar cáċ nó gur tugaḋ Miriam a steaċ a rís.


Uime sin ná beiriḋ breiṫ ar áoinní roiṁ a nam, nó go dtíg an Tiġearna, noċ ḟoillseóċas neiṫe folaiġeaċa an dorċadais, agus noċdfus rún na gcroiḋeaḋ: agus ann sin do ġéuḃaiḋ gaċ áon molaḋ ó Ḋía.


Ann sin loirgfe tú, agus spionfa tú, agus fiafróċá tú go frioċnaṁaċ; agus, féuċ, más firinne é, agus, go ḃfuil an ní dearḃṫa, go ndearnaḋ a leiṫéid sin daḋḟuaṫṁaireaċd ḃur measc;


Bód peacuiġe ḋáoineaḋ airiġe follas roiṁ láiṁ, ag dul rompa ċum breiṫeaṁnuis; agus leanuid a peacuiḋ dream eile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ