Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 13:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Agus féaċfuiḋ an sagart ar an loit a gcroicionn a ḟéola: agus má iompóiġeann na fionnaḋ ban annsa loit, agus go mbía an loit nios doiṁne re a faicsin ná croiceann a ḟéola, is loit luḃra sin: agus féaċfuiḋ an sagart air, agus fúaigéoruiḋ a ḃeiṫ neaṁġlan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 13:3
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do imṫiġ ar aġaiḋ, ann a aistriḃ ón táoḃ ó ḋeas eaḋon go Betel, gus an áit a raiḃ a ṗáilliún ar tús, eidir Betel agus Hái.


Cred laige do ċroiḋe, a deir an Tiġearna DIA, ó ní tú na neíṫeso uile, obair ṁná stríopuiġ ṫiġearnaṁuil.


Agus teagóscuid dom ṗobal an difir idir an náomṫa agus an neaṁnáoṁṫa, agus do ḃéaruid air ḋaóiniḃ eidirḋealuġaḋ idir an ġlan agus an neaṁġlan.


Do ṡluigeadar coiṁṫiġiḋ a neart, agus ní ḃfuil a ḟios aige: fós, atá grúag liaṫ air ann so agus ann súd, giḋeaḋ ní ḃfuil a ḟios aige.


Agus ċor go ccuirfiḋe difir edir náoṁṫa agus neaṁnáoṁṫa, agus edir ġlan agus neaṁġlan;


Agus féuċfuiḋ an sagart aír: agus, féuċ, má ḃíonn an tat bán annsa ċroicionn, agus go diontoċuiḋ sé an fionnaḋ bán, agus go mbiá feóil ḃéo ḋearg annsa nat;


A nuáir ḃías ag éanduine, at nó gearb, nó léus a ccroiceann a ḟéola, agus go mbía a gcroiceann a ḟéola, aṁuil pláġa luḃra; bearṫar an sin ċum Aáron an sagart é, nó go mac ḋá ṁacaiḃ, ḃías na ṡagairt:


Agus, a nuáir do ċífe an sagart é, féuċ, má ḃionn a ḟaicsin ní is ísle nó an croiceann, agus go diontoċuiḋ a ḟionnaḋ bán; foillseoċuíḋ an sagart neaṁġlan é: is loit lúḃra é ar na briseaḋ a maċ ó neascóid.


Dá ḃionn an léus bán a ccroiceann a ḟéola, agus ré faicsin naċ bía ní is doiṁne ná an croicionn, agus náċ ionntoċuiḋ a ḟionnaḋ bán; ann sin íaḋuiḋ an sagart ar an té ar a mbía an loit seaċd lá:


Agus má ċí an sagart sin, féuċ, go leiṫneoċuiḋ an léus ansa ċroicionn, annsin fuáigeoruiḋ an sagart neaṁġlan é: is lúḃra í.


Agus féuċfuiḋ ar an loit, agus feuċ, mas a mballuiḋiḃ an tiġe ḃías an loit lé stríoċuiḃ tolla, glasaṁla no gné ḋeirge, noċ is ísle ré a ḟéuċuin nó an balla;


As é so dliġeaḋ gaċ uile ṡórt loite lúḃra, agus ċarra,


Agus ar at, agus ar ġeirb, agus ar ḃallscóid ṡoillsiġ:


No má ḃéanann sé le salċar duine, giḋ bé ar biṫ neaṁġloine lé saileoċṫar duine, agus go gceilfiḋ é; a nuáir ḃias a ḟios aige, annsin biáiḋ sé ciontaċ.


Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Fíafruiġ anois do na sagartaiḃ do ṫaóiḃ an dliġe, ag ráḋ,


Oír do buḋ cóir do ṗuisíniḃ an tsagairt eólus do ċoiṁéad, agus do buḋ coir ḋoíḃsion dliġeaḋ díarruiġ as a ḃéul: óir isé sin teaċtaire ṪIĠEARNA na slóġ.


Agus do ḃéara me ḋuit eoċraċa na ríoġaċda neaṁḋa: agus gioḋ bé ní ċeingéolus tú ar talaṁ biáiḋ sé ceanguilte ar neaṁ: agus gioḋ bé ní sgáoilfeas tú ar talaṁ, biáiḋ sé sgáoilte ar neaṁ.


Giḋ bé ḋá maiṫfiḋ siḃ a bpeacaiḋ, atáid síad maiṫfeaḋ aca; agus giḋ bé peacaiḋ ċoingéuḃṫáoi, atáid síad congḃaiṫe.


Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ ḃur naire ḋíḃ féin, agus don tréud uile, ar a ndearna an Spiorad Náoṁ easbuig ḋíḃ, do ḃéaṫuġaḋ eagluíse Dé, noċ do ċeannaiġ sé lé na ḟuil féin.


Ar a naḋḃarsin créud a déuram? A né gur peacaḋ an reaċd? nar léige Día sin. Giḋeaḋ, ní raiḃ fios peacaiġ agum aċd trés an reaċd: oír ní ḃíaḋ éolus air mbíangus agum, muna nabraḋ an reaċd, Na bioḋ míanġus ort.


Agar ab díoḃ Himenéus agus Alecsandar; noċ tug misi uáim do Ṡatán, ionnus ar mbeiṫ ḋóiḃ smaċduiṫe go ḃfoġlamaidís gan blaisṗéime do laḃairt.


Aċd na droċḋáoine agus na mealltóiriġe raċuid air a naġuiḋ sa nolc, ag meallaḋ, agur ar na meallaḋ ḋóiḃ.


Bíoḋ cuiṁne aguiḃ ar luċd ḃur dtréoruiġe, noċ do laḃair bríaṫar Dé riḃ: agus leanuiḋ ḋá gcreideaṁ, ag taḃairt aire ré críoċ a gcoinḃearsáide:


Agus sgriosfa mé a clann ris an mbás; agus tuigfid na heagluiseaċa uíle gur misi sgrúduiġeóir na nduḃán agus na gcroiḋṫeaċ: agus do ḃéur dá gaċ áon aguiḃse réir ḃur ngníoṁarṫaḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ