Agus a duḃairt Dáiḃi re Nátan, Do ṗeacaiḋ mé a naġaiḋ an TIĠEARNA. Agus a duḃairt Nátan ré Dáiḃi, Do ċuir an TIĠEARNA mar an gcéadna do ṗeacaḋsa ar gcúl; ní ḃfuiġe tú bás.
Nó má ḃionn feóil ar biṫ san ċroicionn, as a ttiucfa teas loiscneaċ, agus a nfeóil béo ḃías da loscaḋ go mbia guirín bán loinreaċ innte, ní éigin dearg, no bán;
Aċd má féuċann an sagart air, agus féuċ, naċ bía fionnaḋ bán ar biṫ annsa nguirín ṡoillseaċ, agus naċ bí ní is ísle nó án croicionn eile, aċd go mbía ní éigin dórċa air; annsin druidfiḋ an sagart air go ceann ṡeaċd lá:
Agus ann sin do ċuiṁniġ Peadar ar ḃríaṫruiḃ Iósa, a duḃairt ris, Suil ġoirfeas an coileaċ, séanfuiḋ tú mé trí húáire. Agus ar ndul a maċ ḋó, do ġuil sé go géur.
A ḋearḃraiṫre, má ġreamuiġṫear neaċ a gcóir ar biṫ go hobann, tuguiḋse a ḋream spioradálta, a ṡaṁuil sin do ḋuine ar a ais ré sbiorad ceannsaċda; ag taḃairt aire leaċd féin a ḋuine, naċ ccuirfiḋe cáṫuġaḋ ortsa mar an gcéuḋa.