Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 13:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 A nuáir ḃías ag éanduine, at nó gearb, nó léus a ccroiceann a ḟéola, agus go mbía a gcroiceann a ḟéola, aṁuil pláġa luḃra; bearṫar an sin ċum Aáron an sagart é, nó go mac ḋá ṁacaiḃ, ḃías na ṡagairt:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 13:2
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Coṁnuiġeaḋ sí ar ċeann Ióab, agus ar ṫiġ a aṫar uile; agus nar ṫeasduiġ ó ṫiġ Ióab duine ar a mbía créaċd ṡillte, nó ḃías na loḃar, nó dar buḋ éigin siuḃal le bata, nó ṫuitfios ar an gcloiḋeaṁ, no ar a mbía easḃaiḋ aráin.


Anois do ḃí Naaman, caiptín slóiġ ríġ na Síria, na ḋuine mór agá ṫiġearna, agus ro onoraċ, do ḃríġ gur dá ṫaóiḃ ṫug an TIĠEARNA tárṫáil do Ṡíria: do ḃí sé mar an gcéadna na ḋuine neartṁar a ngaisgiḋ, aċt do ḃí sé na loḃar.


Ar a naḋḃarsin ceangoluiḋ luḃra Náaman díotsa, agus dot ṡlioċd go bráṫ. Agus do ċúaiḋ sé amaċ as a ḟiaḋnuise na loḃar coiṁġeál re sneaċda.


O ḃonn na troiġṫe go nuige an gceann ní ḃfuil sláinte ar biṫ ann; aċd cneaḋa, agus brúiġte, agus créaċda loḃṫa: níor druideaḋ, agus níor ceanglaḋ súas, ni mo do bogaḋ le huinemeint íad.


Uimesin buáilfiḋ an TIĠEARNA lé carra, mullaċ ċeanu inġean Síon, agus léigfiḋ an TIĠEARNA a mballa foluiġṫe leis.


Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus re Háaron, ḋá ráḋ,


Agus féaċfuiḋ an sagart ar an loit a gcroicionn a ḟéola: agus má iompóiġeann na fionnaḋ ban annsa loit, agus go mbía an loit nios doiṁne re a faicsin ná croiceann a ḟéola, is loit luḃra sin: agus féaċfuiḋ an sagart air, agus fúaigéoruiḋ a ḃeiṫ neaṁġlan.


Agus má ċí an sagart sin, féuċ, go leiṫneoċuiḋ an léus ansa ċroicionn, annsin fuáigeoruiḋ an sagart neaṁġlan é: is lúḃra í.


Agus raċuiḋ an sagart amaċ as an ḃfoslongṗort; agus féuċfuiḋ an sagart é, agus féuċ, má ḃíonn loit na lúḃra léiġeasta anna loḃar;


Agus go ttiucfa an té ler leis an tiġ agus inneosa sé don tsagart, dá ráḋ, Do ċíṫéar ḋaṁsa mar do ḃíaḋ pláiġ annsa tiġ:


Agus ar at, agus ar ġeirb, agus ar ḃallscóid ṡoillsiġ:


Oír do buḋ cóir do ṗuisíniḃ an tsagairt eólus do ċoiṁéad, agus do buḋ coir ḋoíḃsion dliġeaḋ díarruiġ as a ḃéul: óir isé sin teaċtaire ṪIĠEARNA na slóġ.


Agus do imṫiġ an néull ón ttabernacuill; agus, féuċ, ṫáinic lúḃra ar Ṁiriam, coiṁġeal lé sneaċda: agus do ḟéuċ Aáron ar Ṁiriam, agus, féuċ, do ḃí luḃra uirre.


Ná bíoḋ sí so mar áon marḃ, dá ttráoṫann leaṫ a ḟeola a nuáir ṫig amaċ as broinn a ṁaṫar.


Agus a deir Iósa ris, Taḃair dod aire gan innisin do ḋuine ar biṫ; aċd imṫiġ, taisbean ṫú féin don tsagart, agus beir ċuige an tioḋlacaḋ do aiṫin Máoisi, mar ḟíaḋnuisi ḋóiḃ.


Agus a duḃairt sé ris, Taḃair dod aire naċ innéosa tú déinneaċ é: imdiġ, taisben ṫú féin don tsagart, agus ioḋbair ar son do ġlanta na neiṫe do aiṫin Máoise, mar ḟíadnuisi ḋóiḃ.


Agus an tan do ċunnairc sé íad, a duḃairt sé riu, Imṫiġiḋ foillsiġiḋ siḃ féin do na sagartuiḃ. Agus tárla, ag imṫeaċd doiḃsion, gur glanaḋ íad.


Agus do aiṫin sé ḋe gan a innisin do ḋuine ar biṫ: aċd imṫiġ, taisbéin ṫú féin don tsagart, agus íoḋbair ar son do ġlanta, mar do aiṫin Máoisi, mar ḟíaġnaisi ḋóiḃ.


¶ Taḃair haire a bpláiġ na luḃra, go gcoiṁéadfa tú go dúṫraċdaċ, agus go ndéana tú do réir a nuile neiṫe ṁúinfid na sagairt Leḃiteaċ ḋuit: mar do aiṫin misi ḋíoḃsan, mar sin ċoiṁeadfáoisi ḋéanaṁ.


Buailfiḋ an TIĠEARNA ṫú lé neascóidiḃ na Hégipte, agus leis na heamoroidiḃ, agus leis na gearbuiḃ, agus le toċus, da naċ féadfuiġear do leiġios.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ