Agus, a nuáir do ċífe an sagart é, féuċ, má ḃionn a ḟaicsin ní is ísle nó an croiceann, agus go diontoċuiḋ a ḟionnaḋ bán; foillseoċuíḋ an sagart neaṁġlan é: is loit lúḃra é ar na briseaḋ a maċ ó neascóid.
Nó má ḃionn feóil ar biṫ san ċroicionn, as a ttiucfa teas loiscneaċ, agus a nfeóil béo ḃías da loscaḋ go mbia guirín bán loinreaċ innte, ní éigin dearg, no bán;
Annsin féuċfuiḋ an sagart air: agus féuċ, má ḃíonn at an ċréaċda bán déarg iona ṁáoilċionn, nó iona ṁáoiléadan, mar ṫaisbeanus an lúḃra a gcroicionn ná feóla;
Agus féuċfuiḋ ar an loit, agus feuċ, mas a mballuiḋiḃ an tiġe ḃías an loit lé stríoċuiḃ tolla, glasaṁla no gné ḋeirge, noċ is ísle ré a ḟéuċuin nó an balla;