Laḃair ré cloinn Israel, ga ráḋ, Má ġaḃ bean síol, agus go mbéara mac: ann sin biáiḋ sí neaṁġlan seaċd lá; do reír láéṫeaḋ dealuiġṫe a laige ria biáiḋ sí neaṁġlan.
Agus fanfa sí ann sin a ḃfuil a hannaicṫe trí lá agus trioċad; ní ḃeánfa sí re héainní naoṁṫa, agus ni ṫiucfa don tsanctóír, nó go ccoiṁlíontar láeṫe a hainnaicṫe.
Agus a nuáir ċoiṁlíontar láeṫe a glanta, ar son mic, nó inġine, do ḃéura sí úan don ċéidḃliaḋuin, agus colum óg no éun turtuir, mar ofráil ṗeacaiḋ, go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, ċum an tsagairt.