Agus fanfa sí ann sin a ḃfuil a hannaicṫe trí lá agus trioċad; ní ḃeánfa sí re héainní naoṁṫa, agus ni ṫiucfa don tsanctóír, nó go ccoiṁlíontar láeṫe a hainnaicṫe.
Agus an tan do coiṁlíonaḋ oċd lá ċum an leiniḃ do ṫimċeallġerraḋ, tugaḋ IOSA mar ainm air, éaḋon an tainm do ġoir an taingeal de suil do ġeineaḋ a mbroinn é.
Agus ar dteaċd do ḋruing áiriġe a núas ó ṫír Iudaiġe do ṫeaguisgeadar na bráiṫre, ag raḋ, Muna dtimċeallġearrṫar siḃ do réir reaċda Ṁáoisi, ní héidir ḃur slánuġaḋ.
Agus atá a ḟios aguinne giḋ bé ar biṫ neiṫe a deir an dliġeaḋ, gur ris a ndreim atá fán dliġeaḋ laḃrus sé: ionnus go dtoċdfuiḋ gaċ uile ḃéul, agus go mbeiṫ an doṁan uile cionntaċ do breiṫeaṁnus Dé.
Agus a deirim so, náċ ccuireann an reaċd, noċ do ṫosuiġ a gcionn ċeiṫre gcéud agus deiċ mblíaḋan ḃfiṫċead na ḋiaiġ, an connraḋ do ḋaingniġeaḋ roiṁe, ré Día a dtáoḃ Ċríosd, a neimbríġ, ionnas go gcuirfeaḋ sé an ġeallaṁuin ar gcúl.
Agus timċillġearrfuiḋ do ṪIĠEARNA Día do ċróiḋe, agus croiḋe do ṡleaċda, do ġráḋuġaḋ do ṪIĠEARNA Dé red ċroiḋe uile, agus led anum uile, ċor go mairfe tú.