2 Laḃair ré cloinn Israel, ga ráḋ, Má ġaḃ bean síol, agus go mbéara mac: ann sin biáiḋ sí neaṁġlan seaċd lá; do reír láéṫeaḋ dealuiġṫe a laige ria biáiḋ sí neaṁġlan.
Agus do ḃeannuiġ Día íad, agus a duḃairt Día ríu, Bíoḋ siḃ tórrṫaċ, agus méuduiġiḋ, agus líonaiḋ an talaṁ, agus cuiriḋ fúiḃ é: agus bíoḋ tiġearnus aguiḃ ós cionn éisg na fairge, agus ós cionn eúnlaiṫ an aéir, agus ós cionn an uile neiṫe ċorruiġeas ar an ttalaṁ.
A duḃairt sé ris an mnáoi, Méideóċa mé go mór do ḋoilġios agus do ṫoirrċiuġaḋ; a ndoilġeas ḃeuras tú clann: agus dot ḟior ḃias ṫfonn, agus do ḋéuna sé uaċtarántaċd ort.
Agus do ċuir Dáiḃi teaċda uaḋ, agus tugaḋ ċuige í; agus ṫaínic sí a steaċ ċuige, agus do luiḋ sé lé; oir do ḃí sí ar na glanaḋ ó na neaṁġlaine: agus dfill sí ḋá tiġ féin.
¶ Agus má ḃíon silt ar ṁnáoi, agus go mbía a silt iona feóil na fuil, cuirfiġear ar leiṫ seaċt lá í: agus gioḋ bé ar bíṫ ḃeanas ría biáiḋ neaṁġlan go nóin.