¶ Is iád so íostaoi, do nuile ní atá is na huisgiḋiḃ: a nuile ni ar a ḃfuilid éiteaċ agus sligneaċ annsna huisgiḋiḃ, annsna fairgiḃ, agus annsna sroṫaíḃ, iostaoi iádsin.
Nó má ḃeanann anum ré háoinní salaċ, mas conablaċ éainní neaṁġlan, nó conablaċ ainṁiḋe neaṁġloin, nó conablaċ neiṫeaḋ neaṁġlan ṡnáiḋeas, má ċeiltear leis é; biáiḋ sé neaṁġlan, agus ciontaċ mar an gceadna.
Ní ḃfuil ní ar biṫ ar an dtáoḃ a muiġ don duine, ṫéid a sdeaċ ann lé nab éidir a ṡalċaḋ: aċd na neiṫe ṫig as a maċ, as íad sin na neiṫe ṡalċas an duine.
Agus a duḃairt sé ríu, An ḃfuiltisi leis mar an gceudna gan tuisge? AN ne naċ dtuigṫí, giḋ bé ní don táoḃ a muiġ ṫéid a sdeaċ sa duine, naċ éidir leis eisean do ṡalċaḋ?
Agus a duḃairt sé ríu, Atá a ḟios agaiḃse náċ dliġṫeaċ do Iúdaiġe é féin do ċeangal deaċdrannaċ, nó teaċd dá ġoire; giḋeaḋ do ḟoillsiġ Día ḋaṁsa gan duine coitċeann nó neaṁġlan do ġairm do neaċ ar biṫ.
Go seaċna siḃ féin ar neiṫiḃ do níṫear ofráil dioḋaluiḃ, agus ar ḟuil, agus ar ní taċduiġe, agus ar striopṫaċus: má ċongḃuiṫí siḃ féin úaṫa so, is maiṫ do ḋéuntáoi. Slán liḃ.
Ar mbeiṫ ḋóiḃ aṁáin a mbiaḋuiḃ agus a ndeoċuiḃ, agus a nionlatuiḃ éugsaṁla, agus a ngnáṫuiġṫiḃ colluiḋe, do cuireaḋ orrṫa duálaċ go teaċd aimsire an ċeartuiġe.