40 Agus an té iṫeas da ċonabluiḋ niġeaḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: an té mar an gcéadna iomċras a gconablaċ niġfiḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
Annsin a duḃairt misi, Ah a Ṫiġgearna DIA! féuċ, níor truáilleaḋ manam: óir ó maóis óig súas gus a nois níor iṫ mé do ní éugus úaḋa féin, nó réabṫa na ḃloḋuiḃ; ní mó ṫáinic feóil aḋḟuáṫṁar am ḃéul.
Agus ofráilfiḋ an sagart íad, áon aca ar son ofrála peacaiḋ, agus an dará héun ar son ofrála loiscṫe; agus do ḋéana an sagart síṫ ar son a ṡilte a laṫair an TIĠEARNA.
Agus croiṫfiḋ an duine glan air an neaṁġlan an treas lá, agus an seaċdṁaḋ lá; agus ar an seaċdṁaḋ lá glanfuiḋ é féin, agus niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisge, agus biáiḋ sé glan tráṫnóna.
Agus mar so do ḃí cuid agaiḃse: aċd atá siḃ ar ḃur nionnlaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur náoṁaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur sáoraḋ a nainm an Tiġearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.
¶ Ni íostaói éinní reaċus déag uaḋ féin: do ḃéura tú é don ċoiṁiḋeaċ ḃías ann do ḋoirsiḃ, go niṫe sé é; nó féadfa tú a ḋíol ris an ndeóraiḋ: óir is pobal náoṁṫa ṫusa don TIĠEARNA do Ḋía. Ní ḃruiṫfe tú meannán a mbainne a ṁaṫar.