Agus a duḃairt Dia, Tugaidís na huisgeaḋa amaċ go líonṁur an créatuir corruiġeaċ ann a ḃfuil anam, agus éunlaiṫ ḟéadfas eiteaḋ ós cionn na talṁan a ḃfiormament ṡoilléir neiṁe.
Agus gioḋ bé ar biṫ ní ar a dtuitfiḋ énni ḋíoḃ, a nuáir ḃías marḃ, biáiḋ sé neaṁġlan; más soiṫeaċ croinn é, nó éadaċ, nó croicean, nó sac, nó gioḋ bé ar biṫ soiṫeaċ é, le ndéantar obair ar biṫ, caiṫfiġear a ċur a nuisce, biáiḋ néaṁġlán go nóin; glanfuiḋear mar sin é.
Agus ofráilfiḋ an sagart íad, áon aca ar son ofrála peacaiḋ, agus an dará héun ar son ofrála loiscṫe; agus do ḋéana an sagart síṫ ar son a ṡilte a laṫair an TIĠEARNA.
¶ Agus gaċ uile anam íosas a nfeóil fuáir bás uáiṫe fein, nó do ṁarḃaḋ lé beaṫaċaiḃ, más duine dot ṫír féin é, nó coíṁiḋṫeaċ, niġfiḋ aráon éadaċ, agus foṫruicfíḋ é fein a nuiscṫe, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: annsin biáiḋ sé glan.