26 Cónablaċ gaċ uile ainṁíḋe noċ roinneas a nionga, agus naċ biáiḋ a niónga scoilte, nó naċ ccognann a ċíor, atáid neaṁġlan ḋaóiḃ: gaċ uile ḋuine dá mbeanfa ríu, biáiḋ sé neaṁġlan.
Agus gioḋ bé ar biṫ imṫiġeas ar a ċroḃuiḃ, a measc a nuile ṡórt beaṫaċ imṫiġeas a néinḟeaċd ceaṫair ċosaċ, atáid neaṁġlan díḃ: gaċ áon ḃeanfas re na cconabluiḋ biáiḋ se neaṁġlan go tráṫnóna.
Agus na muca, do ċionn go roinnid an nionga, agus naċ ccognuid an ċír, atáid neaṁġlan dáóiḃ: ní iostaoi dá ḃfeóil, ní mó ḃainfúiḋe ré na gconablaċ marḃ.