Cónablaċ gaċ uile ainṁíḋe noċ roinneas a nionga, agus naċ biáiḋ a niónga scoilte, nó naċ ccognann a ċíor, atáid neaṁġlan ḋaóiḃ: gaċ uile ḋuine dá mbeanfa ríu, biáiḋ sé neaṁġlan.
Agus an té iṫeas da ċonabluiḋ niġeaḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: an té mar an gcéadna iomċras a gconablaċ niġfiḋ a éadaċ, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin.
Agus féuċfuiḋ an sagairt air a rís an seaċdṁaḋ lá: agus, féuċ, má ḃíonn an loit réad éigin dorċa, agus naċ leiṫneoċuiḋ an loit annsa ċroicionn, ann sin fuáigeoruiḋ an sagart a ḃeiṫ glan: ní ḃfuil ann aċd léus: nifiḋ sé a éadaċ, agus biáiḋ glan.
Agus niġfiḋ an té ḃías ré ġlanaḋ éadaċ, agus béarfuiḋ a ḟionnaḋ uile ḋe, agus niġfiḋ é féin a nuisce, ċor go mbia glan: agus na ḋiáiġ sin tiucfa do nḟoslungṗurt, agus fanfuíḋ a muiċ as a lóistin seaċd lá.
Agus a nuáir ġlantar an tí ar a mbía an tsilt óna ċréaċt; ann sin áireoṁuiġ sé ḋó féin seaċt lá ċum a ġlanta, agus niġfiḋ a éadaċ, agus ḟoṫruicfiḋ a ḟeóil a nuisce riṫe, agus biáiḋ glan.
Agus ofráilfiḋ an sagart íad, áon aca ar son ofrála peacaiḋ, agus an dará héun ar son ofrála loiscṫe; agus do ḋéana an sagart síṫ ar son a ṡilte a laṫair an TIĠEARNA.
¶ Agus gaċ uile anam íosas a nfeóil fuáir bás uáiṫe fein, nó do ṁarḃaḋ lé beaṫaċaiḃ, más duine dot ṫír féin é, nó coíṁiḋṫeaċ, niġfiḋ aráon éadaċ, agus foṫruicfíḋ é fein a nuiscṫe, agus biáiḋ neaṁġlan go nóin: annsin biáiḋ sé glan.
Agus an té ċruinniġis luáiṫ na colpuiḋe niġfiḋ sé á éadaċ, agus biáiḋ se neaṁġlan go tráṫnóna: agus biáiḋ sé ag cloinn Israel, agus ag an ccóiṁiḋṫeaċ ċoṁnúiġeas na measc, na reaċd síorruiḋe.
Agus croiṫfiḋ an duine glan air an neaṁġlan an treas lá, agus an seaċdṁaḋ lá; agus ar an seaċdṁaḋ lá glanfuiḋ é féin, agus niġfiḋ a éadaċ, agus foṫruicfiḋ é féin a nuisge, agus biáiḋ sé glan tráṫnóna.
Druideam air ar naġaiḋ maille ré croíḋe fírinneaċ sáirḋeiṁneaċ a gcreideaṁ, ar mbeiṫ dár gcroíḋiḃ ar na ccróṫaḋ ó ḋroċċoinnsías, agus ar mbeiṫ dár gcorp ionnailte ré huisge glan.
Ar mbeiṫ ḋóiḃ aṁáin a mbiaḋuiḃ agus a ndeoċuiḃ, agus a nionlatuiḃ éugsaṁla, agus a ngnáṫuiġṫiḃ colluiḋe, do cuireaḋ orrṫa duálaċ go teaċd aimsire an ċeartuiġe.
A ní fós ré dtig an baisdeaḋ ré sáoṫar sinne a nois ag freagra na heísiomplara sin (ní hé cur uáinn ṡalċair na colla, aċd fiarfuiḋe ḋeaġċoinsiáis a dtáoḃ Dé,) tré eiséirġe Iósa Criosd.
Agus a duḃairt mise ris, A ṫíġearna, atá a ḟios agadsa. Agus a duḃairt seision riomsa, Ag so an dream ṫáinic as buáirḋirt ṁóir, agus do niġ a róbuiḋe, agus do ġealuiḋ íad a ḃfuil a Nuáin.