21 Giḋeaḋ féadfaói íadso diṫe gaċ uile ní eitiollaċ ṡnáiḋeas gá ḃfuilid ceiṫre ċosa; ga ḃfuilid cosa ós cionn a ttroiġeaċ, lé lingid ar an talaṁ;
Laḃruiḋ re cloinn Israel, gá raḋ, Is iádso na beaṫaiḋ ióstaoi a measc na nainṁinteaḋ atá ar an talaṁ.
Gaċ uile éun ġluáiseas, ag imṫeaċd ceaṫair ċosaċ, béid aḋḟúaṫṁar ḋaóiḃ.
Iád so ċeana is éidir liḃ a niṫe; án lócuiste do réir a ċinéil, agus an lócuiste ceanann mar ḃíos a ċínéil, agus an bunnán gon ċinéil, agus an orsán guna ċineil.
Ann a raiḃ gaċ uile ġné ḃeaṫaiḋ ċeaṫairċosaiḋ na talṁan, agus ḃeaṫaiḋ allta, agus ṗíasd ṡnáṁus an talaṁ, agus éunlaiṫ a naicéir.