O ḋaóiniḃ red láiṁ, a ṪIĠEARNA, ó ḋaóiniḃ an tsáoġail, agá ḃfuil a ccuid annsna mbeaṫaso, ag ar líonuis a mbuilg led ionnṁus foluiġeaċ: atáid síad lán do ċloinn, agus fágḃuid an ċuid oile dá maóin agá naóiḋeanuiḃ.
Agus gioḋ bé ar biṫ imṫiġeas ar a ċroḃuiḃ, a measc a nuile ṡórt beaṫaċ imṫiġeas a néinḟeaċd ceaṫair ċosaċ, atáid neaṁġlan díḃ: gaċ áon ḃeanfas re na cconabluiḋ biáiḋ se neaṁġlan go tráṫnóna.
Ní héidir lé neaċ air biṫ seirḃis do ḋéunaṁ do ḋa ṫiġearna: óir bíaiḋ fúaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ don duine eile; nó ceangallfuiġ sé do neaċ aca, agus do ḃéuraiḋ sé tarcuisne ar an dara ḟear. Ní héidir liḃ seirḃis do ḋéunaṁ do Ḋía agus do ṁammon.
Aċd do níd an dreamsa anċáint ar na neiṫiḃ naċ aiṫniḋ ḋóiḃ: agus giḋ bé neiṫer ar a ḃfuil eólas nadúrṫa aca, do réir na nainṁinnteaḋ gan réusun, truáillid íad féin ionnta.