Annsin a duḃairt misi, Ah a Ṫiġgearna DIA! féuċ, níor truáilleaḋ manam: óir ó maóis óig súas gus a nois níor iṫ mé do ní éugus úaḋa féin, nó réabṫa na ḃloḋuiḃ; ní mó ṫáinic feóil aḋḟuáṫṁar am ḃéul.
¶ Aċt do ṫríall Dániel iona ċroiḋe naċ saileoċaḋ sé é féin lé cuid bíḋ an ríġ, nó leis an ḃfíon do iḃeaḋ sé: uimesin diarr sé ar ṗrionnsa na ccailteanaċ naċ salċaḋ sé é féin.
¶ Agus is íad so ḃías an aḋúaṫṁaireaċd aguiḃ a measc na neun; ní hiostar íad, is aḋḟuaṫṁaireaċd íad: an tiolar, an préaċán ceanann, an tiasgaire caírneaċ.
A nuile ḃíaḋ is éidir diṫe, ar a raċaiḋ an tuisce sin biáiḋ sé neaṁġlan: agus gaċ uile ḋeoċ is éidir dól ann gaċ éantsoiṫeaċ mar sin biáiḋ sé neaṁġlan.
Gioḋeaḋ ní ióstaoi iádso don ṁeíd ċognas an ċíor, na roindeas a nionga: mar atá an eáṁall, do ċionn go gcognann an ċior, aċd ní roinneann a nionga; atá sé neaṁġlan ḋaóiḃ.
¶ Is iád so íostaoi, do nuile ní atá is na huisgiḋiḃ: a nuile ni ar a ḃfuilid éiteaċ agus sligneaċ annsna huisgiḋiḃ, annsna fairgiḃ, agus annsna sroṫaíḃ, iostaoi iádsin.
Ná gluáisdear siḃ fá gcuáirt ré teagusguiḃ éugsaṁla coiṁṫiġeaċa. Oir as maiṫ an croíḋe ḃeiṫ diongṁálta a ngrás; ní a mbíaḋuiḃ, naċ deaċuiġ a dtarḃa don druing do ġnáṫuiġ íad.
Ar mbeiṫ ḋóiḃ aṁáin a mbiaḋuiḃ agus a ndeoċuiḃ, agus a nionlatuiḃ éugsaṁla, agus a ngnáṫuiġṫiḃ colluiḋe, do cuireaḋ orrṫa duálaċ go teaċd aimsire an ċeartuiġe.